Player FM - Internet Radio Done Right
47 subscribers
Checked 1h ago
Lisätty five vuotta sitten
Sisällön tarjoaa Conradh na Gaeilge i Londain. Conradh na Gaeilge i Londain tai sen podcast-alustan kumppani lataa ja toimittaa kaiken podcast-sisällön, mukaan lukien jaksot, grafiikat ja podcast-kuvaukset. Jos uskot jonkun käyttävän tekijänoikeudella suojattua teostasi ilman lupaasi, voit seurata tässä https://fi.player.fm/legal kuvattua prosessia.
Player FM - Podcast-sovellus
Siirry offline-tilaan Player FM avulla!
Siirry offline-tilaan Player FM avulla!
Kuuntelemisen arvoisia podcasteja
SPONSOROITU
A secret field that summons lightning. A massive spiral that disappears into a salt lake. A celestial observatory carved into a volcano. Meet the wild—and sometimes explosive—world of land art, where artists craft masterpieces with dynamite and bulldozers. In our Season 2 premiere, guest Dylan Thuras, cofounder of Atlas Obscura, takes us off road and into the minds of the artists who literally reshaped parts of the Southwest. These works aren’t meant to be easy to reach—or to explain—but they just might change how you see the world. Land art you’ll visit in this episode: - Double Negative and City by Michael Heizer (Garden Valley, Nevada) - Spiral Jetty by Robert Smithson (Great Salt Lake, Utah) - Sun Tunnels by Nancy Holt (Great Basin Desert, Utah) - Lightning Field by Walter De Maria (Catron County, New Mexico) - Roden Crater by James Turrell (Painted Desert, Arizona) Via Podcast is a production of AAA Mountain West Group.…
Nuacht Mhall
Merkitse kaikki (ei-)toistetut ...
Manage series 2770343
Sisällön tarjoaa Conradh na Gaeilge i Londain. Conradh na Gaeilge i Londain tai sen podcast-alustan kumppani lataa ja toimittaa kaiken podcast-sisällön, mukaan lukien jaksot, grafiikat ja podcast-kuvaukset. Jos uskot jonkun käyttävän tekijänoikeudella suojattua teostasi ilman lupaasi, voit seurata tässä https://fi.player.fm/legal kuvattua prosessia.
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
…
continue reading
286 jaksoa
Merkitse kaikki (ei-)toistetut ...
Manage series 2770343
Sisällön tarjoaa Conradh na Gaeilge i Londain. Conradh na Gaeilge i Londain tai sen podcast-alustan kumppani lataa ja toimittaa kaiken podcast-sisällön, mukaan lukien jaksot, grafiikat ja podcast-kuvaukset. Jos uskot jonkun käyttävän tekijänoikeudella suojattua teostasi ilman lupaasi, voit seurata tässä https://fi.player.fm/legal kuvattua prosessia.
Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. The week's main news stories, read slowly in Irish.
…
continue reading
286 jaksoa
All episodes
×Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cuireadh breith ar neamhní tar éis fianaise nua ADN a léiriú, agus 38 bliain caite ag fear i ngéibheann i gcás dúnmharaithe mná. Fuarthas Peter Sullivan ciontach sa bhliain 1986 maidir le dúnmharú Diane Sindall, bean óg a ndearnadh tromionsaí gnéasach uirthi agus í ag siúl abhaile tar éis seal ag obair i mbeár. Dé réir ráiteas a léigh a dhlíodóir, dúirt an tUasal Ó Sullivan “níl fearg orm, nílim searbh”. Agus í ag labhairt i ndiaidh na héisteachta, dúirt deirfiúr Sullivan, Kim Smith, “nach raibh an bua ag éinne” agus chuir sí comhbhá in iúl do mhuintir Iníon Uí Sindall. Rinne Médecins San Frontières cáineadh ar Iosrael maidir le “tubaiste dhaonnúil d’aon ghnó” a chruthú agus chuir an carthanas iomardú ar Iosrael faoi chuidiú coinníollach ar easáitiú éigeantach na bPalaistíneach a chothú. “Tá muid inár bhfinnéithe, lom láithreach, ag cruthaíocht coinníollacha le deireadh a chur le saol na bPalaistíneach in Gaza,” a dhearbhaigh an charthúnacht leighis MSF. “Tá ifreann ar talamh cruthaithe in Gaza do na Palaistínigh.” Chuir Iosrael imshuí i bhfeidhm ar Gaza ar an 2 Márta nuair a theip ar chainteanna a bhí dírithe ar fad a chur le sos cogaidh agus Iosrael tar éis tús a chur le hionsaithe ar Gaza arís. Mac léinn as Baile Átha Cliath a bhí i gceannas ar fhoireann ó Ollscoil Cambridge a fuair an bua i gceann de na comórtais is measúla agus ina bhfuil an iomaíocht is géire ar an teilifís. B’é Oscar Despard a bhí ina chaptaen ar fhoireann Choláiste Chríost in Cambridge, nuair a thug siad an lá leo i gcluiche ceannais University Challenge oíche Dé Luain seo a chuaigh thart. Dálta ilchumasach a bhí ann, de réir a iarphríomhoide, Edith Byrne, agus bhí sé go mór mór gnóthach i ndíospóireachtaí trí Ghaeilge, trí Bhéarla, agus trí Fhraincis, agus é ar meánscoil. Ba mhian a chroí é páirt a ghlacadh sa tráth na gceist cáiliúil, ar a mbíodh sé ag amharc lena mháthair le linn a óige. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS breith - verdict tromionsaí gnéasach - serious sexual assault iomardú - reprimand easáitiú éigeantach - obligatory displacement finnéithe - witnesses ilchumasach - multitalented…
Inniu an deichiú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna. Toghadh Robert Prevost mar Pápa Leo a Ceathair Déag, ag an gceathrú vóta de chomhthionóil na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach sa Róimh Déardaoin. Is eisean an dá chéad seachtó seachtú Pápa ó Pheadar. Is as Chicago dó, an chéad Phápa as na Stáit Aontaithe, agus chaith sé cuid mhór dá shaol i bPeiriú. Rinne an Pápa Proinsias easpag de in 2014, agus cairdinéal de in 2023. Nuair a fógraíodh é tar éis an toghcháin, labhair sé in Iodáilís, in Spáinnís, agus i Laidin. Tá leid i rogha a ainm phápaigh go mbeidh an ceartas sóisialta ina théama tábhachtach dá phápacht. Tá cáil ar an bPápa Leo deireanach, a Trí Déag, as a imlitir Rerum Novarum, a chuir cearta an lucht oibre go lárnach i dteagasc na heaglaise Rómánaí. Tá cluiche ceannais camógaíochta na Mumhan idir Corcaigh agus Port Láirge curtha siar ag Camógaíocht na Mumhan, mar tá an dá fhoireann ag diúltú scórtaí a chaitheamh. Bhi agóid eile faoin cheist an deireadh seachtaine seo caite, nuair a d’fheistigh foirne Bhaile Átha Cliath agus Chill Cheannaigh chun cluiche ag caitheamh brístí gearra, acht bhí orthu na bristí gearra a athrú go scórtaí sular cuireadh tús leis an gcluiche. An babhta seo tá na himreoirí uilig go soiléir nach nglacfaidh siad leis na scórtaí in aon chur. Beidh comhdháil speisialta ag an gCumann Camógaíochta ar an dara lá is fiche den mhí seo, chun riail na scórtaí éigeantacha a phlé. Bhuaigh Zhao Xintong craobh an domhain sa snúcar in Amharclann an Bhreogáin in Sheffield Dé Luain, an chéad bhuaiteoir ón tSín riamh. Bhuaigh sé ocht bhfráma dhéag in aghaidh a dó dhéag i gcoinne Mark Williams, iarchuradh ón mBreatain Bheag, sa chluiche ceannais; agus bhuaigh sé ar Ronnie O’Sullivan, duine de na himreoirí snúcair is fearr riamh, le seisiún le spáráil sa chluiche leathcheannais. Dar le máthair Zhao, toisc nach raibh sé ró-ard nuair a raibh sé ina ghasúr, bhí nós aige cleachtadh ag caitheamh scataí rollála, mar gheall ar na horlaí breise a thug siad dó. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceartas sóisialta - social justice imlitir - circular (letter) scórtaí - skorts Amharclann an Bhreogáin - the Crucible Theatre iarchuradh - former champion scataí rollála - roller skates…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Liam Ó Brádaigh. Sa Spáinn, leantar le himscrúduithe ar cad ba chúis le gearradh cumhachta tubaisteach an tseachtain seo, ceann de na bristeacha leictreachais is mó san Eoraip riamh. De réir anailísithe, thit an mhinicíocht ar eangach leictreachais na Spáinne go tobann, rud a chuir tús le múchadh go leor stáisiún cumhachta. Tá sé ráite ag Príomh-aire na Spáinne, Pedro Sánchez, go bhfuil an rialtas ag fiosrú gach cúis fhéideartha. Mar sin féin, tá polaiteoirí an fhreasúra ag cur an mhilleáin ar spleáchas na Spáinne ar fhuinneamh in-athnuaite. Fágadh thart ar 55 milliún duine sa Spáinn, sa Phortaingéil agus in áiteanna eile i ndeisceart na Fraince gan leictreachas Dé Luain. I measc na ngnéithe den saol ar cuireadh isteach orthu bhí comharthaí soghluaiste, soilse tráchta agus baincéireacht dhigiteach. Tá an grúpa rapcheoil ó Bhéal Feirste Kneecap á fhiosrú ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Ríocht Aontaithe tar éis físeáin a tháinig chun cinn ina dtaispeántar an banna, de réir líomhaintí, ag iarraidh básanna Feisirí de chuid an Pháirtí Choimeádaigh agus ag béicíl "Up Hamas, up Hezbollah". D’eisigh Kneecap ráiteas ag rá nach nglacann siad leis an bhforéigean agus nach dtacaíonn siad le Hamas ná Hezbollah, ach gur cuireadh feachtas smearaidh orthu mar gheall ar a dtacaíocht leanúnach don Phalaistín agus ar a gcáineadh ar Iosrael. Tá litir oscailte sínithe ag na scórtha de cheoltóirí as Éirinn agus an Ríocht Aontaithe araon ag tacú leis an triúr agus ag rá go raibh “iarracht shoiléir, chomhbheartaithe idir lámha chun cinsireacht a dhéanamh ar an mbanna agus ar deireadh thiar iad a chur ó ardán”. Sna Toghcháin do Theach na dTeachtaí i gCeanada tá téarma eile i gcumhacht faighte ag an bPáirtí Liobrálach. Tá na Liobrálaithe i gcumhacht ó bhí 2015 ann ach seo é an chéad bhua ag an bpáirtí faoin bPríomh-Aire Mark Carney. Oíche Dé Luain labhair Mark Carney faoi theannas leanúnach taidhleoireachta agus eacnamaíoch le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a n-uachtarán, ag rá, “Tá an tUachtarán Trump ag iarraidh sinn a bhriseadh ionas go mbeimid i seilbh Mheiriceá. Ní dhéanfaidh sé sin - ní tharlóidh sé sin choíche.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gearradh cumhachta - power cut fuinneamh in-athnuaite - renewable energy póilíní frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism police feachtas smearaidh - smear campaign a chur ó ardán - to deplatform seilbh - possession…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá fiche de mhí Aibreán. Is mise Sibéal Dempsey. Fuair an Pápa Proinsias bás Dé Luain de bharr stróc agus cliseadh croí, tar éis dó a bheith thíos le tinneas riospráide den chuid is mó den bhliain seo. Glacadh isteach san ospidéal é den chéad uair ar an gceathrú lá déag de mhí Feabhra mar gheall ar thinneas a d’fhorbair ina niúmóine dúbailte sa deireadh. Bhí an Pápa, a bhí ochtó a hocht mbliana d’aois, ar an gcéad phontaif as Meiriceá Laidineach agus bhí cáil air, i measc rudaí eile, as dúshlán a thabhairt do ghníomhaíochtaí polaiteoirí agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim aeráide agus as a bheith ina ghuth do na boicht. Bhí a láithreas poiblí deireanach ar an Domhnach nuair a thug sé beannacht na Cásca i gcearnóg Naomh Peadar. Tá Kevin Farrell, a rugadh i mBaile Átha Cliath, chun an Vatacáin a stiúradh go dtí go dtoghfar pápa nua, rud a bhfuiltear ag súil leis sna seachtainí beaga amach romhainn. Tá tuairiscí ar an dara seomra comhrá Signal a úsáideadh chun oibríochtaí míleata na Stát Aontaithe a phlé ag cur brú ar rúnaí cosanta na Stát Aontaithe, Pete Hegseth, éirí as. I measc an chomhrá bhí Hegseth, a bhean chéile, a dheartháir agus timpeall dosaen duine eile. Sa chomhrá, tá sé i gceist gur roinn Hegseth sonraí faoi ionsaí na Stát Aontaithe ar reibiliúnaigh Yemeni Houthi an mhí seo caite lena n-áirítear sceidil eitilte, cosúil leis an méid a roinneadh sa chéad chomhrá Signal go poiblí an mhí seo caite. Chosain Trump Hegseth ag ócáid chaitheamh Uibheacha na Cásca sa Teach Bán ag rá go raibh jab iontach á dhéanamh aige.É sin ráite, deir saineolaithe slándála gur féidir go mbeidh spiairí idirnáisiúnta ag díriú ar Hegseth anois. Fógraíodh rialacha nua maidir le roghnú na mbuaiteoirí Oscar an tseachtain seo. Chuir ceann amháin díobh sin, go gcaithfidh an painéal moltóirí féachaint ar na scannáin ábhartha ar fad, fearg ar dhaoine nach raibh sé seo ina riachtanas cheana féin. Mar thoradh ar riail nua eile, go bhféadfaí scannáin atá ag brath ar Intleacht Shaorga a roghnú mar bhuaiteoirí, tá díospóireacht theasaí ar siúl, cé go bhfuil sé ráite ag an Acadamh freisin go measfadh sé rannpháirtíocht an duine sa phróiseas roghnúcháin. Tháinig fadhb chun cinn maidir le húsáid intleacht shaorga i scannáin bhuaiteacha tar éis é a úsáid chun an scannán The Brutalist a fhorbairt, go háirithe chun blas an phríomh-aisteora a fheabhsú nuair a labhair sé san Ungáiris. Tá béim curtha ag roinnt aisteoirí agus scríbhneoirí scáileáin ar an mbaol go gcaillfí saothar le intleacht shaorga agus go n-úsáidfí é chun mí-úsáid a bhaint as a n-íomhá féin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cliseadh croí - heart failure tinneas riospráide - respiratory illness sceidil eitilte - flight schedules spiairí idirnáisiúnta - international spies díospóireacht theasaí - heated debate intleacht shaorga - artificial intelligence…
Inniu an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin inniu go mbeidh sos cogaidh ann go dtí deireadh Dhomhnach na Cásca, agus go bhfuil sé ag súil go ndéanfaidh an Úcráin an rud céanna. Bhí muintir na hÚcráine amhrasach faoin fhógairt, áfach, ós rud é go bhfuil a lán sos cogaidh briste ag na Rúisigh ó bhí 2014 ann. Tá an scéal amuigh go bhfuil na Stáit Aontaithe sásta leithinis na Crimé a ligean don Rúis chun socrú síochána a bhaint amach, rud a sháródh Cairt na Náisiún Aontaithe, agus dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump "go mbogfadh na Stáit Aontaithe ar aghaidh" mura dtiocfaí ar shocrú síochána gan mhoill. Níl An Úcráin toilteanach na críocha atá gafa ag an Rúis a thabhairt suas. Sa Ríocht Aontaithe, tá an Chúirt Uachtarach i ndiaidh rialú a fhógairt ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a fhágann mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú, ach ar an taobh eile tá imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trascinscneach amach anseo. Tagann an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile ar gcúl maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir. Bhain an galfaire Rory McIlroy sprioc mór amach Dé Domhnaigh nuair a bhain sé Comórtas na Máistrí in Augusta, Georgia, sna Stáit Aontaithe. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an Chaithréim Mhór bainte amach aige anois: Comórtas na Máistrí, Comórtas Oscailte na Stát Aontaithe, Comórtas Oscailte na Breataine agus Comórtas PGS na Stát Aontaithe. Níor éirigh ach le cúigear eile an éacht seo a dhéanamh roimhe seo, agus ba é Tiger Woods an duine deireanach chun an Chaithréim Mhór a chur i gcrích cúig bliana is fiche ó shin. Chomh maith leis an onóir sin, bhain McIlroy seaicéad glas na Máistrí den chéad uair agus níos mó ná ceithre mhilliún dollar. is as Ard Mhic Neasa i gContae an Dúin é McIlroy, atá ag imirt gailf ó bhí sé ina pháiste óg. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS sos cogaidh - truce socrú síochána - peace settlement bitheolaíoch - biological sainmhíniú - definition an Chaithréim Mhór - the Grand Slam éacht - feat…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Bhí an stocmhargadh ina chíor thuathail an tseachtain seo tar éis fhógra Donald Trump go mbeadh taraifí á ngearradh ag na Stáit Aontaithe ar earraí ó thíortha ar fud na cruinne. Bhí eagla ag infheisteoirí go gcuirfeadh na taraifí tús le cogadh trádála agus, dá bharr san, le cúlú eacnamaíochta chomh maith. Bhí an chuma orthu go raibh an ceart acu Dé Céadaoin nuair a chuir Trump taraifí móra ar an tSín agus ansan nuair a d’fhreagraíodar le taraif bhreise de 84%. Bhí imní ann go leanfadh an cion sa chion so ar aghaidh ar feadh tamall eile ach ansan d’athraigh Trump a mheon agus chuir sé briseadh 90 lá ar na taraifí ar bheagnach gach tír seachas an tSín. Tháinig borradh faoi na stocmhargaí an lá dár gcionn mar gheall ar an athrú intinne so. Le linn an ruaille buaille go léir, chuaigh an Tánaiste Simon Harris go Washington Dé Céadaoin chun cruinniú a fháil le hoifigigh ó Rialtas na Stát Aontaithe. Is léir go bhfuil Rialtas na hÉireann buartha faoi luaineacht Trump agus go háirithe a gheallúint go gcuirfeadh sé taraifí ar tháirgí cógaisíochta chun comhlachtaí a mhealladh thar n-ais go Meiriceá. Dá bhfágfadh na comhlachtaí san an tír, chaillfeadh Éire sciar maith dá cuid cáin chorparáide, chomh maith leis na mílte post. Cé go raibh aimsir bhreá thirim in Éirinn an tseachtain seo, bhí fadhbanna le tinte portaigh i gcúpla ceantar chomh maith. Bhí scrios déanta ar an gCnoc Colbha agus ar an mBearnas Mór i nDún na nGall nuair a thosnaigh loscadh tráthnóna Dé Domhnaigh. Sheol Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall cúig aonad dóiteáin agus héileacaptar amach chun dul i ngleic leis an loscadh. Bhí loscadh sléibhe sna Beanna Boirche i gContae an Dúin an tseachtain seo chomh maith agus bhí níos mó ná 75 coimhraiceoir dóiteáin ag tabhairt faoi na tinte. Meastar gur coirloscadh atá i gceist. Tá amhras ann gur coirloscadh is cúis leis an ndamáiste a bhí déanta ar an gcosán siúlóide sa pháirc náisiúnta i Maigh Eo freisin. Cuireadh drochbhail ar an siúlbhealach le linn na hoíche ag an deireadh seachtaine agus dúirt an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra go bhfuil siad croíbhriste mar gheall air. Tá fiosrú ar bun anois chun fáil amach conas – nó cé – a thosnaigh an loscadh. Chuaigh buíon mac léinn ó Ollscoil na Banríona i mBéal Féirste i mbun agóide an tseachtain seo mar gheall ar an easpa comharthaí dátheangacha ar an gcampas. D’eagraigh an Cumann Gaelach an agóid agus fuaireadar breis is 1,000 síniú ó mhic léinn ag tacú leis an bhfeachtas, ‘éacht a léiríonn an tacaíocht agus an tsuim atá ag pobal na hollscoile sa Ghaeilge’, de réir Uachtarán an Chumann Ghaelaigh Anna Nic Gafraidh. Bhíodh comharthaí dátheangacha san fhoirgneamh aontas mac léinn ach baineadh anuas iad in 1997. Tá an grúpa “Aontachtaithe Óga” i gcoinne na gcomharthaí dátheangacha agus iad ag maíomh go gcosnóidís an iomarca agus go gcruthóidís atmaisféar doicheallach. Ach dúirt Eoghan Ó Conghaile ón gCumann Gaelach go léiríonn an stair go bhfuil an Ghaeilge do chách; mar shampla, ba Phrotastúnach, William Mac Arthur, a bhunaigh an Cumann Gaelach san ollscoil níos mó ná céad bliain ó shin. Dúirt urlabhraí ón ollscoil go rabhadar sásta an cheist seo a phlé leis an gCumann agus go bhfuil dul chun cinn déanta cheana féin i leith na Gaeilge san ollscoil. Mar shampla, tá scéim chónaithe Gaeilge do mhic léinn anois agus Oifigeach Tacaíochta Gaeilge freisin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cion sa chion - tit-for-tat borradh - boom, growth coirloscadh - arson coimhraiceoir dóiteáin - firefighter comharthaí dátheangacha - bilingual signs doicheallach - unwelcoming…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. De réir fianaise nua a tháinig chun solais le linn na seachtaine, is dócha gur mharaigh fórsaí Iosraelacha 15 oibrí leighis agus oibrí daonnúil le piléair a bhí scaoilte i neasraon, seachas ó raon fada. Chuaigh na hoibrithe cabhracha ar iarraidh ar 23 Márta agus iad i mbun misean tarrthála i gceantar Tal as-Sultan in Rafah, nuair a rinne na fórsaí Iosraelacha ionsaí orthu. Déardaoin, thángthas ar corpáin na n-oibrithe, seachas duine amháin atá fós ar iarraidh, seachtain i ndiaidh an ionsaithe, in olluaigh sa ghaineamh, dar le hOifig na Náisiún Aontaithe. Dúirt urlabhraí milítea Iosraelach gur “thosaigh na fórsaí ag scaoileadh ar sceimhlitheoirí a bhí ag gluaiseacht chun tosaigh in otharcairr” agus go raibh fiosrúchán faoin eachtra idir lámha. Is minic a bhíonn ionsaithe dírithe ar oibríthe daonnúla sa chogadh in Gaza, agus maraíodh 408 díobh go dtí seo. In Hertfordshire sa Bhreatain, gabhadh seabhac Harris, a bhí ag déanamh ionsaí ar mhuintir an tsráidbhaile arís agus arís eile. Tá an t-ainm céanna ag an fhear áitiúil a ghabh an seabhac: dúirt Steve Harris gur éirigh leis an seabhac a ghabhal go daonnachtúil ina ghairdín féin in Flamstead, Hertfordshire. Creidtear gur éalaigh an seabhac ón ghéibheann agus, le roinnt seachtainí, thug an seabhac sitheadh anuas ar thart fá 50 duine, agus d’éirigh leis fuil a tharraingt ó roinnt daoine. Tugadh Jim Hewitt go dtí an t-ospidéal agus é ag cur fola i ndiaidh dó buille a mhothú ar chúl a chinn ar a bhealach go dtí an siopa. Dúirt an fear, atá cúig bliana is seachtó d'aois, go raibh "ríméad" air gur gabhadh an seabhac, agus gheall sé: "Ní bhfaighidh éan mallaithe an ceann is fearr ormsa." Dúirt Steve Harris gur faoiseamh a bhí ann go raibh an seabhac gafa faoi dheireadh. Anois, tá an t-éan faoi chúram seabhcóra, a dúirt go raibh an chuma ar an seabhac gur tógadh i ngéibheann é ach is dócha go raibh sé scaoilte le bliain anuas. Déardaoin, fógraíodh go raibh iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer i ndiaidh bháis agus é ocht mbliana is ceithre scór d’aois. Bhuaigh sé ceithre Chraobh na hÉireann idir 1959 agus 1970 mar imreoir agus ansin ocht gcinn mar bhainisteoir ceannródaíoch i rith na seachtóidí agus na n-ochtóidí. Foireann den scoth a bhí i bhfoireann Chiarraí, a bhí i ndianiomaíocht le Baile Átha Cliath sa tréimhse sin. Bhuaigh Micko, mar a thugtar air, Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir fosta. Thacaigh sé le foirne i gCill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus sa Chlár, agus é ina bhainisteoir leo. Cé go raibh slíte beatha éagsúla aige amuigh ón pháirc imeartha, is as an pheil Ghaelach a mbeidh clú air go deo, mar dhuine de na daoine is fearr sa chluiche riamh. Mar a dúirt an fear é féin, “Níl tada eile le déanamh agam. Tá achan rud déanta agam. Agus bhain mé an-taitneamh as agus ní athróinn ar ór ná airgead é.” * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS i neasraon - at close range olluaigh - mass grave seabhac - hawk sitheadh - swoop ceannródaíoch - trailblazing dianiomaíocht - intense rivalry…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tá staid éígeandála i bhfeidhm i Maenmar tar éís crith talún a tharla Dé hAoine. Ceaptar go bhfuil na céadta daoine básaithe ach níl uimhir chruinn ar fáíl is a leanann oibríocht tarrtháile. Tharla dhá chrith tar éis a chéile agus tá eagla ar dhaoine go mbeadh iarchreathanna le teacht. Bhí eipealár an chreatha talún i ngar do na cathracha Sagaing agus Mandalay, braitheadh na creathanna ar fud na tíre agus chomh fada leis an tSín agus an Téalainn. Thit foirgneamh neamh-críochnaithe in Bangkok agus tá 81 oibrí ar iarraidh ann. Tá teannas polaitiúil i Maenmar ó tharla coup in 2021, tá smacht ag an rialtas ar na meáin agus an idirlíon sa tír agus tá sé deacair eolas a fháil mar thoradh air sin. Tá focal Gaeilge agus roinnt focail ó Béarla na hÉireann i measc na bhfocal nua in uasdátú an fhoclóra cháiliúil an Oxford English Dictionary i mbliana. Tá an focal “ludraman” - litriú Béarla den fhocal liúdramán, le fáil san uasdátú, an míniú atá tugtha air ná “a lazy, unproductive, or stupid person (esp. a man)". Tá samplaí úsáide den fhocal luaite ón úrscéal Ulysses agus roinnt sean-nuachtáin. Tá an focal ar fáil i bhfoclóir Gaeilge le fada anois ach i bhfoclóir agus úsáid nua-aimseartha tá an míniú "amadán" i bhfad níos coitianta ná "leisceoir". I measc na bhfocal a n-airítear ó Béarla na hÉireann tá “blaa”, “class”, “debs”, “mineral”, “morto”, “spice bag” agus “acting the maggot”. Tá imní ar an Rialtas agus eacnamaithe Éireannacha faoi tháillí atá fógartha ag Donald Trump ar tháirgí cogaisíochta, agus an tionchar a mbeadh acu ar thionscal agus ar gheilleagar na hÉireann. Ní bheidh sonraí cinnte ar fáil go dtí an 2ú Aibreán ach dúirt Trump cheana go mbeidh táillí de 25% ar dhrugaí ag teacht isteach i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Déanann Éire easportú de luach 72 billiún Euro go Meiriceá agus baineann táirgí cogaisíochta le 58 billiún Euro den mhéid sin. Tá cáin chorparáide an-íseal in Éirinn, ag 15%, a mhealann comhlachtaí domhanda móra isteach. Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS staid éigeandála - state of emergency oibríocht tarrtháile - rescue operation iarchreathanna - aftershocks leisceoir - lazy person táirgí cogaisíochta - pharmaceutical products cáin chorparáide - corporation tax…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Ainmníodh an Fhionlainn mar an tír is sona ar domhan den ochtú bliain as a chéile sa Tuarascáil Dhomhanda ar Shonas, agus thug muintir na háite agus saineolaithe creidiúint dá lochanna móra agus dá córas leasa shóisialaigh láidir mar chúiseanna leis an dea-ghiúmar. Ainmníodh Éire sa 15ú háit, ag bogadh suas ón 17ú háit in 2023. Tá an Afganastáin, atá buailte ag tubaiste dhaonnúil ó tháinig an Talaban ar ais i gcumhacht in 2020, ina tír is míshona ar domhan arís eile. D'fhan na tíortha Nordacha go léir i measc na ndeich dtír is sona, leis an Danmhairg, an Íoslainn agus an tSualainn ag teacht i ndiaidh na Fionlainne, a mhéadaigh beagán ar a buntáiste ar an Danmhairg sa dara háit. Chuaigh Cósta Ríce agus Meicsiceo isteach sa deich dtír is fearr den chéad uair, ag teacht sa séú háit agus sa deichiú háit. Idir an dá linn, thit na Stáit Aontaithe go dtí an 24ú háit, áit amháin taobh thiar den Riocht Aontaithe. Is é seo an scór is ísle a fuair na Stáit Aontaithe ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2012, nuair a bhí siad san 11ú háit, an seasamh ab airde riamh dóibh. "Tá méadú 53% tagtha ar an líon daoine atá ag ithe béilí ina n-aonar sna Stáit Aontaithe le fiche bliain anuas," a dúirt údair na tuarascála, ag tabhairt le fios go bhfuil béilí a roinnt le daoine eile "nasctha go láidir le folláine". Tá an chéad taispeántas riamh sa Ghaeilge a reáchtáladh in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann (PRONI) oscailte. Insíonn an taispeántas Mná na hAthbheochana scéal na mban a chuir athbheochan ar úsáid na Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhí ról lárnach acu i mbunú na chéad Ghaeltachta uirbí agus na chéad scoile lán-Ghaeilge sna 1960idí déanacha agus sna 1970idí luatha. Bhí mná óga ó Choláiste Feirste i mBéal Feirste thiar i measc na ndaoine a chuir an taispeántas le chéile. Dúirt Aoibhín McConnell, scoláire seacht mbliana déag d’aois ó Choláiste Feirste, go raibh sé “spreagúil” foghlaim faoi na mná a thug athbheochan ar an Ghaeilge."Tá labhairt na Gaeilge thar a bheith tábhachtach domsa agus do mo phobal," a dúirt sí. "Bhí mo mhamó ar dhuine de na daoine a bhunaigh an dara scoil lán-Ghaeilge agus an chéad cheann neamhdhominiceanach. "Is séadchomhartha iontach é dár n-oidhreacht agus don ról a imrímid laistigh de Bhéal Feirste mar phobal roinnte sa lá atá inniu ann." Dúirt sí go raibh sé tábhachtach ról na mban i stair na Gaeilge a cheiliúradh. "Tá cónaí orainn i sochaí atá go fóill an-phatrarcach, ach sílim go mbíonn ról na mban á mheas faoina luach go minic," a dúirt sí. "Bhí an ról is riachtanaí agus is tábhachtaí ag na mná in athbheochan na Gaeilge. Leanann siad orthu do mo spreagadh gach uile lá i ngach gníomh a dhéanaim féin mar Ghael óg." * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain * GLUAIS sonas - happiness tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster athbheochan - revival neamhdhominiceanach - non-dominican…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag a chruinniú leis an Taoiseach, Micheál Martin, sa Teach Bán tráthnóna Dé Máirt go bhfuil “grá mór” ag muintir na hÉireann dó. Dúirt sé freisin, áfach, go bhfuil “ár gcomhlachtaí pharma ag Éirinn”. Ba mhaith leis an Uachtarán iad a thabhairt ar ais chuig na Stáit Aontaithe, cé gur mhol sé na hÉireannaigh as ucht na comhlachtaí sin a mhealladh. Ní raibh aon cheilt ag an Trumpach ach an oiread ar a naimhdeas leis an Aontas Eorpach, agus mar sin de ba bheag an t-iontas gurbh iad na taraifí an téama ba lárnaí ag an bpreasócáid san Oifig Ubhchruthach. Nuair a fuair an Taoiseach deis cainte, luaigh sé an caidreamh stairiúil idir an dá thír, agus dúirt sé gurb í an fhadhb is mó a bhí le réiteach in Éirinn ná an ghéarchéim tithíochta. Maidir leis na cogaí in Gaza agus san Úcráin, thug sé freagraí taidhleoireachta gan cur isteach ar an Uachtarán ná ar an Leas-Uachtarán, J.D. Vance, a rinne argóint phoiblí le déanaí le hUachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy. Bhí an Ghaeilge á labhairt den chéad uair riamh le linn Cheisteanna an Phríomh-Aire in Westminster an tseachtain seo. Luaigh ceannaire an SDLP, Claire Hanna, go bhfuil Seachtain na Gaeilge ar siúl anois, agus go bhfuil ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar na bacáin freisin. An méid sin ráite, lean sí uirthi ansin i mBéarla, agus mhol sí an Príomh-Aire, Keir Starmer, as caidreamh “cairdiúil agus dlúth” a chothú idir Éire agus an Bhreatain. Thug sí cuireadh dó freisin teacht go Béal Feirste an bhliain seo chugainn chun freastal ar Fhleadh Cheoil na hÉireann. Ghabh an Príomh-Aire buíochas léi agus ghuigh sé Lá Fhéile Pádraig sona dóibh siúd a bheadh ag ceiliúradh na féile. Dúirt an SDLP gur gníomh “siombalach” don Ghaeilge é ráiteas a gceannaire. Tá póilíní na Gearmáine sa tóir ar changarú a bhí caillte de réir dealraimh tar éis do thiománaí a chur in iúl go raibh sé ag léimneach síos an bóthar in aice le baile Sebnitz gar don teorainn leis an tSeicia. Tar éis an radharc neamhghnách a fheiceáil, ghlaoigh an tiománaí ar na póilíní agus chuir sé grianghraf chucu mar fhianaise. Ach faoin am a tháinig siad ar an láthair, bhí an cangarú imithe glan. Is beag eolas atá ar fáil faoin ainmhí, a dúirt na póilíní, ach an lá dár gcionn thuairiscigh bean go raibh cangarú áirithe ar iarraidh. In 2023, tharla oibríocht ollmhór póilíneachta i mBeirlín nuair a tuairiscíodh go raibh leon scaoilte ar shráideanna na cathrach. Chuir siad deireadh leis an gcuardach, áfach, tar éis dóibh anailís a dhéanamh ar an bhfíseán agus a thuiscint nach leon a bhí ann, ach torc. taraifí - tariffs freagraí taidhleoireachta - diplomatic answers ar na bacáin - coming soon, in the pipeline cuireadh - invitation…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá sé ráite ag na húdaráis in Sante Fe, New Mexico, go bhfuair an t-aisteoir mór le rá Gene Hackman agus a bhean chéile Betsy Arakawa bás nádúrtha an mhí seo caite. Thángthas ar an bheirt agus iad marbh ina dteach ag deireadh mhí Feabhra, agus i ndiaidh fiosrúcháin is léir go bhfuair Arakawa bás mar gheall ar shiondróm scamhógach hantaivíris, galar neamhchoitianta a scaipeann creimirí, agus gur mhair Hackman beagnach seachtain eile ina diaidh. Bhí Hackman an-tinn le tamall, agus bhí galar croí, galar Alzheimer agus galar duáin air. BhainHackman clú agus cáil amach sna 1970idí i scannáin ar nós The French Connection agus The Poseidon Adventure. Bhain sé gradam Oscar as a ról in The French Connection agus as ról tacaíochta in Unforgiven in 1992. Suaimhneas síoraí orthu beirt. Thug rí Nigéarach samplaí uisce leis chuig réamhthriail i Londain an tseachtain seo. Bhí an Rí Godwin Bebe Okpabi ag labhairt thar ceann a phobail i nDeilt Abhainn na Nígire maidir le truailliú a rinne an comhlacht ola Shell sa cheantar. Bhí an réamhthriail ar siúl chun scóip na gceisteanna dlíthiúla a shocrú roimh an phríomhthriail, a tharlóidh an bhliain seo chugainn. Dar le Okpabi, tá Shell i ndiaidh na milliúin dollar a chaitheamh ar na dlíodóirí is fearr, in áit an t-airgead sin a chaitheamh ar ghlanadh uiscí agus talamh a phobail. Tá an modh maireachtálatraidisiúnta sa cheantar scriosta, dar leis, agus ta2 leibhéal an-ard ailse sa réigiún, fiú i measc daoine óga. Fógraíodh Dé Céadaoin go gceapfar Coimisinéir Gaeilge agus Coimisinéir Ultaise i dTuaisceart Éireann i mí na Bealtaine. Gealladh na hoifigí nua seo cúig bliana ó shin sa mhargadh New Deal, New Approach, ach níor ceapadh coimisinéir ar bith nuair a tharraing an Páirtí Aontachtach Daonlathach, an DUP, amach as na hinstitiúidí ó thuaidh. Chuir an Chéad-Aire, MichelleO’Neill, agus an LeasChéad-Aire, Emma Little-Pengelly, fáilte roimh an fhógra, agus dúirt Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gurb é ceapadh an Choimisinéara Gaeilge an “fhoráil is lárnaí san Acht Gaeilge nua”. Is é an ról an bheidh ag an Choimisinéir Teanga ná na caighdeáin teanga a leagan amach do chomhlachtaí poiblí agus iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin sa chás go ndéanfadh na comhlachtaí poiblí faillí ina ndualgais teanga. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS siondróm scamhógach hantaivíris - hantavirus pulmonary syndrome creimirí - rodents réamhthriail - preliminary trial truailliú - pollution foráil - clause (legal) faillí - neglect…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Dé hAoine, bhí argóint mhór phoiblí idir Volodymyr Zelenskyy, Uachtarán na hÚcráine, ar thaobh amháin, agus Donald Trump agus J.D. Vance, Uachtarán agus Leas-Uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá, ar an taobh eile, san Oifig Ubhchruthach sa Teach Bán in Washington. Bhí Zelenskyy ann chun comhaontú a shíniú le Trump chun bealach isteach ar acmhainní mianra na hÚcráine a thabhairt do na Stáit Aontaithe, acht d’imigh sé gan réiteach tar éis na raice. Thosaigh siad ag sáraíocht ar a chéile nuair a chuir Vance ina leith go raibh Zelenskyy ag cur dímheas orthu, agus chuaigh gach rud i gcúl ó shin; chuir Trump ina leith go raibh Zelenskyy ag dul sa seans leis an Tríú Cogadh Domhanda. Tharla an cruinniú i gcomhthéacs iarrachtaí Trump deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin ar théarmaí i bhfad níos fearr don Rúis ná a bhí ar intinn ag an iar-rialtas Meiriceánach. Tá Seachtain na Gaeilge ag tosnú inniu, agus leanfaidh sí ar aghaidh ar feadh seacht lá déag go dtí Lá Fhéile Pádraig. Beidh imeachtaí Gaelacha ar siúl ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Is deis iontach í an Ghaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Tharla an seoladh náisiúnta i mbaile Loch Garman Dé Sathairn seo caite, agus beidh Lá na gCiorcal Comhrá ar siúl ar fud na tíre Dé Céadaoin an dara lá déag, i measc go leor imeachtaí eile. Téigh ar líne go snag.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoi Sheachtain na Gaeilge. Tá na cúig phláinéad chlasaiceacha le feiceáil sa spéir tráthnónta an deiridh seachtaine seo, chomh maith le hÚránas agus Neiptiún, an uair dheireanach roimh 2040 a mbeidh siad uilig le feiceáil le chéile. Tá Satarn go han-íseal i mbreo an chlapsholais, fiche nó tríocha nóiméad tar éis luí na gréine; tá Mearcair beagán níos airde, Veineas níos airde fós, agus an-gheal; agus níos faide sa spéir ó luí na gréine tá Iúpatar agus Mars, a bhfuil dath dearg soiléir air. Ní féidir Úránas agus Neiptiún a fheiceáil gan déshúiligh nó teileascóp, agus tá fíor na spéire glan de dhíth le haghaidh Satarn agus Mearcair, agus bheadh déshúiligh cuidiúil dóibh freisin. Tá na trí cinn eile éasca. Téigh ar line go www.skyandtelescope.com chun léarscáil díobh uilig a aimsiú, agus guíonn muid spéir ghlan ar gach duine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phochraolta. * GLUAIS ubhchruthach - oval acmhainní mianra - mineral resources seoladh - launch breo an chlapsholais - the glow of twilight déshúiligh - binoculars fíor na spéire - horizon…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá is fiche de mhí Feabhra. Is mise Liam Ó Brádaigh. Dé Domhnaigh, vótálfaidh muintir na Gearmáine i dtoghchán ríthábhachtach a chinnfidh treo na tíre do na ceithre bliana amach romhainn agus a mbeidh tionchar suntasach aige ar thodhchaí polaitiúil na hEorpa. De réir pobalbhreithe táthar ag súil go méadóidh an páirtí fíordheis Alternative for Germany a sciar vótaí go mór. Gheall na páirtithe eile, áfach, nach rachaidh siad i gcomhrialtas leis an AfD. Ciallaíonn an 'balla dóiteáin' seo nach dócha go mbeidh an AfD in áit ar bith ach sa Fhreasúra. Tar éis thorthaí iomlána an toghcháin, meastar go mbeidh caibidlíocht ar siúl go ceann roinnt seachtainí agus na páirtithe ag iarraidh comhrialtas a bhunú. Athraíodh saol ceathrar leanaí a rugadh dall mar gheall ar thriail thurgnamhach géinteiripe a d’fheabhsaigh a radharc. Dúirt an tOllamh James Bainbridge, máinlia na reitine ag Ospidéal Súl Moorfields, a chabhraigh leis an triail a stiúradh, go bhféadfadh an obráid seo difríocht mhór a dhéanamh d'fhorbairt na leanaí agus dá gcumas idirghníomhaithe le daoine eile. Cuireadh cóireáil ar shúil amháin an duine ar na leanaí (ar as na Stáit Aontaithe, an Tuirc agus an Túinéis iad) ar eagla go mbeadh aon éifeachtaí diúltacha ag an gcóireáil. Tugann na torthaí go dtí seo dóchas, áfach, go bhféadfadh buntáistí móra a bheith ag idirghabháil luath i gcoinníollacha súl géiniteacha óige. Nocht an Éigipt an chéad tuama ríoga ársa ó tugadh Tutankhamun chun solais níos mó ná céad bliain ó shin. Is leis an Rí Thutmose II an tuama, rí den 18ú ríora a mhair beagnach 3,500 bliain ó shin, a thángthas air in aice le Gleann na Ríthe in Luxor i ndeisceart na hÉigipte. Cé go dtugann réamhstaidéir le fios gur athraíodh a inneachar san am ársa, rud a d'fhág an tuama gan aon mhumaí ná seoda cosúil le fionnachtain Tutankhamun, dúirt an Aireacht seaniarsmaí go bhfuil an fionnachtain "ar cheann de na fionnachtana is suntasaí seandálaíochta le blianta beaga anuas". * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS balla dóiteáin - firewall caibidlíocht - negotiation dall - blind máinlia na reitine - retina surgeon ríora - dynasty fionnachtain - discovery…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniú an cúigiú lá déag de mhí Feabhra. Is mise Sibéal Dempsey. Bhí Elon Musk le feiceáil go poiblí ag an Teach Bán an tseachtain seo, ina cháil mar cheannaire na roinne nua, Roinn Éifeachtacht an Rialtais. Dúirt sé go raibh oifigigh sa Ghníomhaireacht na Stát Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta, ar a dtugtar USAID, i mbun calaoise trí ghlacadh le síntí láimhe. D’áitigh sé freisin go raibh a fhoireann trédhearcach maidir le hoifigigh éagsúla a bhaint de ranna rialtais. Ní faisnéis phoiblí é tuarastal Musk féin, chomh maith le fostaithe na roinne a bhainistíonn sé. Tháinig Musk go dtí an Teach Bán in éineacht lena mhac, X, chomh maith leis an Uachtarán Donald Trump, a shínigh ordú feidhmiúcháin an tseachtain seo á cheangal ar ghníomhaireachtaí comhoibriú le roinn Musk. Tá moltaí á mbreithniú chun rialú an chórais tithíochta in Éirinn a athrú. Go háirithe, d’fhéadfadh an margadh cíosa athrú ón gcóras reatha “crios brú cíosa” go córas nua “cíos tagartha”. Faoin gcóras nua, chinnfí méaduithe cíosa trí thithe áitiúla den cháilíocht chéanna a bhreithniú. D’áitigh an Taoiseach go bhfuil gá le timpeallacht polasaí níos seasmhaí chun infheistíocht phríobháideach a spreagadh. Fuarthas amach i dtuarascáil ón gCoimisiún Tithíochta, a foilsíodh anuraidh, go raibh roinnt saincheisteanna ann maidir leis an gcóras reatha lena n-áirítear neamhchomhlíonadh, agus an difríocht idir cíosanna tionóntaí reatha agus tionóntaí nua. Tá imní ann, áfach, go bhféadfadh cíosanna níos airde a bheith ag tionóntaí reatha mar thoradh ar an gcóras nua. Dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe dearbhú idirnáisiúnta ar AI a shíniú ag cruinniú mullaigh i bPáras an tseachtain seo. Geallann an ráiteas, atá sínithe ag go leor tíortha, lena n-áirítear an Fhrainc agus an tSín, cur chuige “oscailte”, “uilechuimsitheach”, agus “eiticiúil” chun an teicneolaíocht a fhorbairt. Dúirt rialtas na Ríochta Aontaithe nár síníodh é mar gheall ar imní faoi shlándáil náisiúnta agus rialachas domhanda. Dúirt LeasUachtarán na Stát Aontaithe, JD Vance, leis an gcruinniú mullaigh gur cheart tosaíocht a thabhairt do “bheartais AI ar son an fháis” thar shábháilteacht. Tagann sé seo tar éis na nuachta an tseachtain seo caite go bhfuil múnla AI cruthaithe ag comhlacht Síneach, DeepSeek, a tháirgeann aschur ar chostais níos ísle ná ChatGPT, a tháinig ó na Stáit Aontaithe. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Roinn Éifeachtacht an Rialtais - Department of Government Efficiency síntí láimhe - kickbacks crios brú cíosa - rent pressure zone neamhchomhlíonadh - non-compliance cruinniú mullaigh - summit meeting aschur - output…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá de mhí Feabhra. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Rinne Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ráiteas neamhghnáth maidir le "togáil" Gaza, nuair a bhuail sé le Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, le labhairt faoi chúrsaí síochána le Hamas. Dúirt Trump go dtógfadh Meiriceá smacht ar Gaza agus go gcabhrófaí leis an limistéar le fostaíocht agus tithíocht a chruthú. Mhínigh sé freisin gur chóir do na Palaistínigh imeacht go tíortha eile, amhail an Éigipt agus an Iordáin, rud a diúltaíodh go láidir sna tíortha seo. Ba mhaith le Trump go mbeadh Gaza ina "Riviera an Mheán-Oirthir," ach dhiúltaigh na Palaistínigh agus oifigigh Hamas go léir an plean go géar. Dúirt an Tánaiste go bhfuil réiteach dhá stáit riachtanach do mhuintir na Palaistíne agus Iosrael, agus d'aithin sé a imní faoi mholadh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, Gaza a "thógail". Ba é Eanáir na bliana seo, an mhí seo caite, an mhí Eanáir is teo riamh ar an domhan, a deir eolaithe, rud a chuireann ceisteanna faoi luas an athraithe aeráide. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar El Niño, ach bhris an mhí seo caite taifead Eanáir 2024. Tá téamh na cruinne ag tarlú mar gheall ar astaíochtaí gásanna ó ghníomhaíochtaí daonna, ach níl eolaithe cinnte céard a rinne an mhí seo caite chomh te. Leanann sé seo sraith de thaifid teochta níos airde ó lár 2023. "Táimid ag briseadh taifid toisc go bhfuil níos mó gásanna ceaptha teasa san atmaisféar," a dúirt Gavin Schmidt, stiúrthóir Institiúid Goddard de chuid NASA. "Táimid ag iarraidh tuiscint a fháil ar na cúiseanna beaga atá ann." Faoi láthair, tá an chuid is mó taighdeoirí fós ag súil go mbeidh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024. Tá Túr Grenfell i Londain, a scriosadh i dtine chraosach sa bhliain 2017, le bheith briste anuas. Maraíodh 72 duine sa tine, a scaip go gasta tríd an fhoirgneamh mar gheall ar chumhdach so-lasta. Tháinig fiosrúchán chun críche an mhí Mheán Fómhair seo caite, agus dúradh gur tháinig an tragóid as laigí ón rialtas. Dúirt an Leas-Phríomh-Aire Angela Rayner le hoidhreachtaí agus le teaghlaigh na n-iarrthóirí go bhfuil an cinneadh déanta ag an rialtas an foirgneamh a leagan chun talaimh. Beidh freagraí measctha ag an chinneadh seo. Tá roinnt daoine sa phobal sásta go mbeadh sé á bhaint síos. Ach tá daoine eile ag iarraidh go mairfeadh Túr Grenfell mar chuimhne ar an tragóid. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ráiteas neamhghnách - extraordinary statement riachtanach - necessary luas an athraithe aeráide - the speed of climate change astaíochtaí gásanna - gas emissions tine chraosach - conflagration cumhdach so-lasta - flammable cladding…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an chéad lá de mhí Feabhra. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tharla timpiste eitleáin in Washington oíche Dé Céadaoin nuair a bhuail eitleán paisinéirí le héileacaptar Black Hawk. Bhí an t-eitleán de chuid American Airlines ag teacht anuas chuig an rúidbhealach nuair a tharla an tuairt leis an héileacaptar. Thit an dá aerárthach isteach san abhainn Potomac agus cuireadh tús le misean cuardaigh agus tarrthála ar an bpointe. Mar sin féin, is cosúil nar tháinig duine ar bith de na 60 paisinéirí eitleáin nó den triúr saighdiúirí sa héileacaptar slán ón dtimpiste. Tá sé tagtha chun solais go raibh go leor scátálaithe fíoracha ar an eitleán ag teacht thar n-ais go Washington tar éis craobhchomórtais in Kansas. D’fhógair an Kremlin sa Rúis go raibh na hiarchuraidh domhanda Yevgenia Shishkova agus Vadim Naumov ar bord an eitleáin. Tharla ócáidí comórtha ar fud an domhain dosna daoine a fuair bás agus a mhair tríd an Uileloscadh an tseachtain seo. Bhí an ócáid is mó ar siúl sa champa géibhinn in Auschwitz sa Pholainn. Saoradh an campa sin ar an 27 Eanáir 1945 agus mar gheall air sin, bíonn Lá Comórtha an Uileloiscthe ar siúl ar an lá sin gach bliain. Fuair sé mhilliún Giúdach bás san Uileloscadh, chomh maith le daoine de mhionlaigh eitneacha eile, mar thoradh ar na coireanna in aghaidh na daonnachta déanta ag na Naitsithe le linn an Dara Cogadh Domhanda. D’fhreastail an Taoiseach Micheál Martin ar an ócáid in Auschwitz agus réachtáladh ócáid chuimhneacháin i mBaile Átha Cliath chomh maith inar thug an tUachtarán Michael D. Higgins óráid. Tharraing a óráid conspóid, áfach, nuair a rinne sé tagairt don scrios in Gaza faoi láthair. Baineadh croitheadh as rialtas Mheiriceá agus as na comhlachtaí in Silicon Valley an tseachtain seo nuair a eisíodh samhail Intleachta Saorga nua sa tSín darb ainm DeepSeek. Is bota cómhrá é DeepSeek, cosúil le ChatGPT, agus tá saineolaithe ana-thógtha leis an dteicneolaíocht. Chuaigh an aip go barr na liostaí íoslódála, rud a chuir imní ar cheannairí teicneolaíochta i Meiriceá, toisc gur mhaígh DeepSeek gur chruthaíodar an tsamhail go saor i comparáid le samhlacha Meiriceánacha ar nós OpenAI. Tá DeepSeek níos saoire mar ní úsáideann sé mórán sliseanna agus de bhrí na nuachta san, chaill an comhlacht sliseanna, Nvidia, $600 milliún Dé Luain – an caillteanas margaidh is mó i stair na Stát Aontaithe. Léirigh an tUachtarán Trump a imní faoin dteicneolaíocht bíodh is gur cheiliúir rialtas na Síne an aip nua. Ach is léir nach bhfuil an Intleacht Shaorga so saor ón mbolscaireacht: nuair a chuir an BBC ceist air faoi na heachtraí i gCearnóg Tiananmen sa bhliain 1989, dúirt DeepSeek nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS aerárthach - aircraft scátálaithe fíoracha - figure skaters an Uileloscadh - the Holocaust coireanna in aghaidh na daonnachta - crimes against humanity samhail - prototype sliseanna - (computer) chips…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Eanáir. Is mise Aoife Ní Bhraoin. Taifeadadh an ghaoth ba láidre riamh in Éirinn le linn Stoirm Éowyn inné. Ag Ceann Mhása i gConamara taifeadadh meánluas de 135km/h agus séideán amháin de 183km/h go luath maidin Dé hAoine. Bhí rabhadh dearg gaoithe i bhfeidhm ar fud an oileáin go dtí meán lae, agus moladh go láidir do dhaoine fanacht sa bhaile agus gan dul amach le linn na stoirme. Ar cheann de na stoirmeacha ba mheasa a bhuail Éire ó tharla Oíche na Gaoithe Móire sa bhliain 1839, d'fhág Stoirm Éowyn na mílte gan leictreachas, go háirithe ar an gcósta thiar. Scriosadh an "Air Dome" de chuid Chumann Lúthchleas Gael Chonnacht agus rinneadh a lán damáiste eile timpeall na tíre. Toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach faoi dheireadh Déardaoin tar éis cúpla lá d'argóintí agus an Dáil ina cíor thuathail. Tharla na fadhbanna nuair a fógraíodh go gcuirfí an Dáil ar fionraí go ceann coicíse agus nuair a tugadh am cainte an Fhreasúra do ghrúpa Teachtaí Dála atá ag tacú leis an Rialtas. Bhí ar an Ceann Comhairle nua, Verona Murphy, imeachtaí a chur ar fionraí roinnt uaireanta ach ar deireadh toghadh Micheál Martin ina Thaoiseach. Cáineadh an chomh-aireacht nua a ceapadh freisin, ós rud é nach bhfuil ach triúr ban ann as cúig Aire dhéag, agus gur as Baile Átha Cliath nó Cúige Laighin tromlach mór díobh, gan ach duine amháin, Dara Calleary as Cúige Chonnacht agus duine ar bith as Cúige Uladh. I Stáit Aontaithe Mheiriceá, rinneadh Donald Trump a insealbhú ina Uachtarán Dé Luain. Ba é an chéad uair a tharla an searmanas oirnithe taobh istigh ó bhí 1985 ann, mar gheall ar dhrochaimsir, de réir Trump féin. D'fhógair sé "tús ré órga" don tír ina óráid agus shínigh sé sraith orduithe feidhmiúcháin láithreach. I measc na n-orduithe bhí bearta chun Meiriceá a thógáil amach as an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chun saoránacht uathoibríoch a bhaint de leanaí a bheirtear i Meiriceá, chun na logainmneacha Murascaill Mheicsiceo agus Denali a athrú go Murascaill Mheiriceá agus Sliabh McKinley agus chun pardún a thabhairt dóibh siúd a bhí páirteach san ionsaí ar Chnoc an Chaipeatóil ar an 6 Eanáir 2021. Cuireadh i gcoinne na horduithe seo, agus breitheamh feidearálach amháin ag rá nach dtagann siad le Bunreacht Mheiriceá. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS meánluas - average speed séideán - gust cíor thuathail - chaos cuir ar fionraí - suspend searmanas oirnithe - inauguration ceremony orduithe feidhmiúcháin - executive orders…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Eanáir. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Tháinig nuacht faoi bheart sos cogaidh a chur i bhfeidhm ón gcoimhlint idir an Phalaistín agus Iosrael tráthnóna Dé Céadaoin. Tagann an nuacht tar éis cúig mhí dhéag de chogadh, a thosaigh le hionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023. Ón dáta sin maraíodh níos mó ná 46,000 Palaistíneach mar thoradh ar fhrithbheart Iosrael. Ag brath ar roinnt ceisteanna deireanacha a chinntiú maidir leis an mbeart, tosóidh an sos cogaidh Dé Domhnaigh, ach tá níos mó Palaistíneach á marú idir an dá linn. Ar dtús mairfidh an sos cogaidh go ceann sé seachtaine - ligfear amach gialla Iosraelacha agus scaoilfear saor priosúnaigh Phalaistíneacha. Beidh saighdiúirí Iosrael ag tarraingt siar as Gaza agus beidh cead isteach le haghaidh cúnaimh agus breosla. Tosóidh na Palaistínigh ag filleadh ar a mbaile, pé chuid de atá fágtha. Tarlóidh níos mó cainteanna maidir le todhchaí Gaza agus cad a tharlaíonn tar éís na sé seachtaine. Tharla díospóireacht idir Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le dréacht-Chlár Rialtais i rith na seachtaine. Cruthaíodh an comhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael, a fuair an líon vótaí is lú a fuair buaiteoirí olltoghcháin ó thús an stáit, le tacaíocht ó naonúr comhaltaí neamhspleácha chun tromlach a dhéanamh. Is dócha go ndaingneofar an clár Dé Domhnaigh agus go dtoghfar Mícheal Martin ina Thaoiseach Dé Céadaoin. Tá díospóireacht fós ar siúl maidir le ról na gcomhaltaí neamhspleácha sa rialtas le guthanna láidir ó Michael Lowry agus Danny Healy-Ray. Cruthóidh an rialtas nua trí Aire Stáit nua, le haghaidh daoine aosta, mara agus imirce. Beidh 23 Aire ann san iomlán, an líon is mó a bhí ag aon rialtas riamh. Tá falscaithe uafásacha ag tarlú in Los Angeles le níos mó ná deich lá anuas. Bhí ceithre thine éagsúla ann, gan ach ceann amháin díobh faoi smacht agus é seo á scríobh. Tá an chúis leis na falscaithe fós le fiosrú ach scaipeadh iad mar thoradh ar ghaotha láidre darbh ainm Gaotha Santa Ana agus ar an easpa báistí sa réigiún le déanaí. Deir saineolaithe go bhfuil athrú aeráide ina chúis mhór leis freisin. Ba iad 2022 agus 2023 na blianta is fliche in California riamh agus mar sin d’fhás an-chuid fásra, ach tar éis an triomaigh a lean, ba gheall le brosna do na falscaí an fásra céanna. Tharla aslonnú mór sa cheantar agus fuair cúigear is fiche bás. Ceaptar go bhfuil an scriosadh is measa de bharr tine i gceist i stair Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh costas sna billiúin dollar i gceist maidir le hatógáíl na cathrach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS beart - deal breosla - fuel díospóireacht - debate comhaltaí neamhspleácha - independent members falscaithe - mountain fires triomach - dry weather fásra - vegetation brosna - kindling…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá déag de mhí Eanáir. is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dhiúltaigh an tAire Oideachais ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann Paul Givan iarratas ón scoil is mó sna Sé Chontae le bheith ina scoil imeasctha. Thacaigh tromlach soiléir thuismitheoirí na ndaltaí leis an athrú in Acadamh Bheannchair, a bhfuil timpeall 1,850 dalta ann. Ach tá cinneadh déanta anois ag Paul Givan nár cheart dul ar aghaidh leis na pleananna. Diúltíodh togra ó scoil eile i mBeannchar fosta, Bunscoil an Rátha Mhóir, chun athrú a dhéanamh ina scoil imeasctha. De réir doiciméad a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais, mhol oifigigh go n-athrófaí an dá scoil le bheith imeasctha ach chinn an tAire gan an moladh sin a cheadú. Agus é ag diúltú do na tairiscintí, dúirt Givan nach raibh go leor fianaise ann go mbeadh dóthain daltaí Caitliceacha ag gach scoil chun oideachas imeasctha a chur ar fáil. Luaigh sé reachtaíocht Stormont ina ndeirtear gur cheart go mbeadh líon réasúnta leanaí Caitliceacha agus Protastúnacha araon i scoileanna imeasctha. "Fiú ar an anailís is dóchasaí, tá an chuma ar an scéal go mbeadh sé iontach deacair líon réasúnta a bhaint amach," a scríobh Givan. Tá an comhlacht teicneolaíochta Meta ag fáil réidh lena chuid seiceálaithe fíricí neamhspleácha ar Facebook agus Instagram, agus ag cur “nótaí pobail” i stíl cosúil leis an ardán X ina n-áit ina bhfágtar trácht ar chruinneas postálacha de chuid úsáideoirí. I bhfíseán Meta, dúirt an príomhfheidhmeannach Mark Zuckerberg go raibh modhnóirí tríú páirtí “róchlaonta ó thaobh na polaitíochta de” agus go raibh sé “in am dul ar ais go dtí ár bhfréamhacha maidir le saoirse cainte”. Tagann an t-aistriú seo agus Zuckerberg agus feidhmeannaigh eile i dtionscal na teicneolaíochta ag iarraidh caidreamh a fheabhsú le hUachtarán tofa na Stát Aontaithe, Donald Trump, sula rachaidh sé in oifig níos déanaí an mhí seo. Cháin Trump agus a chomhghuaillithe Poblachtacha Meta as a pholasaí seiceála fíricí, ag rá go ndéanann an comhlacht cinsireacht ar ghuthanna na heite deise. Ag labhairt dó i ndiaidh na hathruithe a fhógairt, dúirt Trump ag comhdháil nuachta go raibh sé an-tógtha le cinneadh Zuckerberg. Tá an Gael, scríobhneoir, agus foilseoitheoir Pádraig Ó Snodaigh ar shlí na bhfírinne. Tháinig na sluaite daoine le chéile fá choinne thórramh Phádraig, a fuair bás agus é 89 bliain d'aois, i mBaile Dúill, Baile Átha Cliath. Ba Ghael go smior é an tUasal Ó Snodaigh, agus ba dhuine mór le rá é i measc gníomhaithe Gaeilge agus chúis na teanga ó dheas. Ba iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge é, a chaith a shaol ar fad ag troid ar son cearta teanga, agus é ag obair leis an ESB agus an iarsmalann náisiúnta. Chuir Pádraig an comhlacht foilsiú Coiscéim ar bun, le £1000 a bhfuair sé ar iasacht ó chara dá chuid in 1980, comhlacht a d'fhoilsigh níos mó ná 1,700 leabhar. Bhí seisear mac aige lena bhean, an t-ealaíontóir Clíodhna Cussen, a cailleadh dhá bhliain go leith ó shin; Teachta Dála is ea é mac amháin, agus tá triúr eile bainte leis an ghrúpa ceoil Kíla. Bhí a chónra caoladóireachta clúdaithe faoi bhratach scal ghréine an Chonartha agus í á tabhairt isteach go Séipéal Naomh Peadar agus Pól. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS scoil imeasctha - integrated school reachtaíocht - legislation seiceálaithe fíricí neamhspleácha - independent fact checkers modhnóirí - moderators cónra caoladóireachta - wicker coffin scal ghréine - sunburst…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá de mhí Eanáir. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá an FBI ag fiosrú mar eachtra sceimhlitheoireachta ionsaí a tharla i gcathair New Orleans, nuair a thiomáin fear trucail isteach trí shlua a bhí ag ceiliúradh na hAthbhliana ar shráideanna na cathrach, agus ansin thosaigh sé ag scaoileadh urchar leo. Maraíodh ar a laghad cúig dhuine dhéag, agus gortaíodh breis is tríocha a cúig duine eile. Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. Scaoil an tiománaí, a bhí ina shaighdiúir roimhe, le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é. Fuarthas bratach ISIS sa trucail. Tá sé ráite ag an FBI go gcreideann siad go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar. Ar ais in Éirinn, tá feidhm anois le reachtaíocht nua chun déileáil le coireanna áirithe ar fuath is bun leo. Mar shampla, fuath a léiriú do dhaoine ar bhonn cine, datha, claonadh gnéis, inscne nó míchumais. Go dtí seo, bhí Éirinn ar cheann den bheagán ballstát den Aontas Eorpach gan reachtaíocht i gcoinne fuatha. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go raibh an reachtaíocht nua de dhíth orainn ó bhí méadú de 7.5% ar an líon coireanna fuatha a thaifead na Gardaí i mbliana. Thug sí le fios freisin go raibh an reachtaíocht bunaithe ar thaithí phearsanta daoine, toisc go ndeachaigh a roinn i gcomhairle leis an bpobal sular chruthaigh siad í. Bhí rabhadh buí faoi theocht íseal agus baol seaca i bhfeidhm ar fud na hÉireann Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo. Anois tá sé fógartha ag Met Éireann go leanfar leis an drochaimsir ag an deireadh seachtaine. Tá siad ag tuar go mbeidh an teocht idir aon chéim agus sé chéim Dé Sathairn, agus gur chóir dúinn a bheith ag súil le tuilleadh ráigeanna den bháisteach throm. Chomh maith leis sin, beidh sé níos ísle fiú san oíche, thart ar lúide cúig chéim. Agus ní bheidh an pictiúr ag athrú mórán go luath amach anseo. Is féidir linn a bheith ag súil le haimsir den chineál céanna an tseachtain seo chugainn. Mar sin de, má bhíonn sibh ar na bóithre, bígí cúramach agus tugaigí aire. eachtra sceimhlitheoireachta - act of terrorism an Ceathrú Francach - the French Quarter reachtaíocht - legislation coireanna áirithe ar fuath is bun leo - certain hate crimes rabhadh buí - yellow warning lúide - minus…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta na hAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis. Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta. Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d’aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tuairt - crash ealta éan - a flock of birds saoráid sláinte - health facility daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists gnáthóg nádúrtha - natural habitat coileán - cub…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Oisín Mac Conamhna. In Éirinn, tá an idirbheartaíocht idir Fianna Fáil, Fine Gael agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách chun rialtas nua a bhunú fós ar siúl. Toghadh Verona Murphy ina Ceann Comhairle Dé Céadaoin, an chéad bhean tofa san oifig údaí i stair an stáit. Is Teachta Dála neamhspléach ó Loch Garman í, agus dúirt sí gur mór an onóir di an ról a ghlacadh. Gheall sí go mbeidh sí cothrom agus stuama, agus gheall sí freisin a cuid Gaeilge a fheabhsú go leibhéal i gcomhréir leis an ról. Dé Máirt, fógraíodh go mbeidh an calafort Holyhead ar Inis Món dúnta go dtí an cúigiú lá déag de mhí Eanáir, ar a laghad, mar gheall ar an dochar a rinne Stoirm Darragh ann. Cuirfidh an dúnadh isteach go mór ar dhaoine ag taisteal abhaile don Nollaig, agus ar an bpost idir Éire agus an Bhreatain. Dúirt urlabhraí ó Chomhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann gur géarchéim atá ann, go mbeidh tionchar ollmhór ag an dúnadh ar an tionscal, agus go bhfuil baill dá gcuid ag cailleadh trí chéad míle euro gach seachtain mar gheall air. De ghnáth, téann 60% d’earraí a thagann isteach in Éirinn trí chalafort Holyhead. Tá an rialtas i gcomhoibriú le rialtas na Breataine Bige chun an tionchar a laghdú, agus an trácht a chur ar mhalairt slí trí Fishguard, Learpholl, nó Càrn Rìoghain in Albain. D'éag Gearóid Ó Cairealláin, laoch na Gaeilge i mBéal Feirste agus iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine. Is iomaí gaisce a baineadh amach ar son na teanga faoina cheannasaíocht fhíseach, lena n-áirítear: an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge in Éirinn, Lá, a thosaigh in 1984; Coláiste Feirste, meánscoil lán-Ghaeilge a bunaíodh in 1991; Raidió Fáilte, a fuair ceadúnas in 2006; Aisling Ghéar, an compántas drámaíochta Gaelaí; agus Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, i gcroílár na ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste. Tá clú agus cáil bainte amach ag a mhac Naoise, nó Móglaí Bap mar is fearr aithne air, sa bhanna ceoil Kneecap. Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach. Guíonn muid Nollaig shona, agus bliain úr faoi shéan is faoi mhaise, dár lucht éisteachta ar fud an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS idirbheartaíocht - negotiation Grúpa Réigiúnach Neamhspleách - Regional Group of Independents Inis Món - Ynys Môn/Anglesey Comhlachas Tarlú Bóthair na hÉireann - Irish Road Haulage Association ceannasaíocht fhíseach - visionary leadership ceadúnas - licence…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí na Nollag. Is mise Liam Ó Brádaigh. Ar an ochtú lá de mhí na Nollag, ghabh reibiliúnaithe armtha príomhchathair na Siria, an Damaisc, rud a spreag an rialóir fadtréimhseach forlámhach, an tUachtarán Bashar al-Assad, chun teitheadh as an tír. Fógraíodh Dé Domhnaigh go bhfuil tearmann tugtha do Assad sa Rúis. Tagann an t-aistriú seo tar éis 13 bliana de chogadh cathartha agus tugann sé deireadh éifeachtach le riail réimeas Assad. D’iarr príomh-aire eatramhach nua na Siria, Mohamed al-Bashir, ar na Siriaigh a theith ó réimeas Assad agus atá ag lorg tearmainn ar fud na cruinne “teacht ar ais”. “Ní mór dúinn atógáil, ár dtír a fháil ar a cosa arís agus tá cúnamh gach duine ag teastáil,” a dúirt sé in agallamh le meáin na hIodáile. Chuir tráchtairí timpeall an domhain fáilte chúramach roimh dheireadh réimeas Assad, a tháinig i gcumhacht tar éis bhás a athar sa bhliain 2000. Gabhadh fear óg mar amhrastach as marú Príomhoifigeach Feidhmiúcháin árachas sláinte ardphróifíle i Nua-Eabhrac. Caitheadh Brian Thompson go luath ar maidin an tseachtain seo caite in Manhattan. Tá aird shuntasach agus tráchtaireacht tarraingthe ar an gcás ar líne agus sna meáin, rud a léiríonn an frustrachas agus fearg atá ar go leor Meiriceánach faoi chóras leighis príobháideach Mheiriceá. Gabhadh Luigi Mangione, atá 26 bliain d'aois, in Pennsylvania tar éis leid ó oibrí McDonald's agus tá sé cúisithe as an dúnmharú. Cé gur mhol roinnt tráchtairí ar líne é mar laoch, rinne daoine eile anailís ar a phoist ar líne agus iad ar thóir leideanna idé-eolaíocha maidir lena spreagadh. Chuir Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, fáilte roimh aíonna lena n-áirítear Donald Trump chuig Ardeaglais Notre-Dame i bPáras dá searmanas athoscailte, cúig bliana go leith tar éis dóiteán ollmhór gur bheag nár scrios an Ardeaglais go huile is go hiomlán. Athchóiríodh an foirgneamh meánaoiseach atá 860 bliain d'aois go dícheallach, le spuaic nua agus a taca crochta agus gargúilí cloiche snoite athchóirithe ar ais mar a bhí siad roimhe. D'oibrigh na mílte saineolaithe - idir siúinéirí agus saoir chloiche agus ealaíontóirí fuinneoga gloine dhaite - ag baint úsáide as seanmhodhanna chun gach rud a scriosadh nó a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú nó a athsholáthar. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cogadh cathartha - civil war príomh-aire eatramhach - interim prime minister amhrastach - suspect (person) árachas sláinte - health insurance searmanas athoscailte - reopening ceremony spuaic - spire…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 7ú lá de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá torthaí olltoghchán na hÉireann go léir istigh anois agus is cosúil go mbeidh Fianna Fáil agus Fine Gael thar n-ais sa rialtas san athbhliain. Bhí toghchán rathúil ag Fianna Fáil go háirithe; tá 48 suíochán acu anois, méadú suntasach ón olltoghchán in 2020. Bhuaigh Fine Gael 38 suíochán agus mar sin tá 86 suíochán idir an dá pháirtí. Toisc go bhfuil 88 suíochán de dhíth chun móramh a bhaint amach, beidh siad ag caint le páirtithe eile agus le Teachtaí Dála neamhspleácha chun rialtas a chur le chéile. Bhí lá maith ag na Daonlathaigh Shóisialta agus le Páirtí an Lucht Oibre agus tá seans ann go mbeidh ról acusan sa chéad rialtas eile. Dúradar go mbeidís ag caint le páirtithe eile ar an eite chlé ar dtús, Sinn Féin san áireamh. Bhí idir mhaith agus olc sna torthaí ó thaobh Shinn Féin de. Cé go bhfuil méadú ar an líon Teachtaí Dála atá acu, laghdaigh a sciar den vóta 24.5% i 2020 go dtí 19% i mbliana. Bhí torthaí tubaisteacha ag an gComhaontas Glas, a bhí sa rialtas deireanach. Chailleadar gach Teachta Dála a bhí acu seachas ceannaire an pháirtí, Roderic O’Gorman. Tá rialtas na Fraince tar éis titim nuair a chaill an Príomh-Aire, Michel Barnier, vóta mímhuiníne tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí Barnier ag iarraidh buiséad a bhrú tríd an bparlaimint ach níor thaitin sé so leis an eite chlé ná leis an eite dheas. D’ardaigh Le Front Populaire, atá ar an eite chlé, rún mímhuiníne i rialtas Barnier agus thacaigh Le Rassemblement National, atá amach ar an eite dheas, leis. Bhí Barnier ag iarraidh €60 billiún a shabháil sa bhuiséad so, chun easnamh na tíre a réiteach ach dúirt na páirtithe eile go raibh na bearta ródhian ar ghnáthdhaoine. Is é an chéad uair ó 1962 gur chaill rialtas na Fraince vóta mímhuiníne agus d’éirigh Barnier as a phost mar Phríomh-Aire maidin Déardaoin. Tá Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, faoi níos mó brú anois tar éis samhradh tubaisteach, nuair a chaill sé móramh a pháirtí sa rialtas, agus neamhchinnteacht sa mhargadh anois. Beidh sé deacair dó réiteach a fháil leis an bparlaimint gan tromlach atá sa tír faoi láthair agus ní féidir leis toghchán eile a ghairm go dtí mí Iúil 2025. Bhuaigh an banna rapcheoil, Kneecap, a chás cúirte i gcoinne iar-Aire Rialtais sa Bhreatain, Kemi Badenoch. Chuir Badenoch in éadan an deontais ealaíne a bhuadar anuraidh nuair a dúirt sí nach raibh sí sásta airgead cáiníocóra a thabhairt “do dhaoine atá i gcoinne na Ríochta Aontaithe”. Mhaígh baill Kneecap go ndearnadh leithcheal orthu mar gheall ar a bhféiniúlacht agus d’aontaigh an Ard-Chúirt leo. Gheobhaidh siad an deontas atá dlíte dóibh ach dúradar go mbeidís ag tabhairt an airgid, €17,000 san iomlán, do dhá ghrúpa i mBéal Feirste, ceann amháin a oibríonn le daoine óga ó chúlra náisiúnach agus an ceann eile le daoine óga ó chúlra aontachtach. Tar éis an fhógra, dúirt Kemi Badenoch go raibh cinneadh na cúirte “dochreidte”. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS móramh - majority an Comhaontas Glas - the Green Party rún mímhuiníne - motion of no confidence easnamh - deficit leithcheal - discrimination féiniúlacht - identity…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríochadú lá de mhí na Samhna. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Tá muintir na hÉireann fós ag fanacht ar thorthaí an olltoghcháin a reáchtáladh Dé hAoine, inné. De réir na bpobalbhreitheanna, bhí an rás gob ar ghob idir na príomhpháirtithe polaitiúla, Sinn Féin, Fianna Fáil, agus Fine Gael. Tá súil ghéar ag an phobal agus ag lucht anailíse ar an chéad chomhaireamh, a chuirfear ar fáil i rith an deireadh seachtaine beag seo. Tá an córas aistrithe inmhalartaithe á úsáid mar is gnách, agus mar gheall air sin b’fhéidir go dtógfaidh sé roinnt uaireanta, nó fiú laethanta, na suíocháin dheireanacha a líonadh i gceantair thoghcháin níos casta. Bhí na ceisteanna móra amhail tithíocht agus an córas sláinte fós i gcroílár na díospóireachta polaitiúla agus beidh ar an rialtas nua na ceisteanna seo a réiteach. Tar éis an toghcháin cuirfear tús le cainteanna maidir le comhrialtas a fhoirmiú. Tá sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah tar éis a bheith faofa le cabhair na Stát Aontaithe agus na Fraince. Tá sé seo mar bhua do thaidhleoireacht sa réigiún, a bhfuil cogadh ann le bliain. Dúirt arm na Liobáine go bhfuil sé réidh chun dul go deisceart na tíre chun an sos comhraic a chothabháil. D’iarr siad ar dhaoine gan filleadh ar dheisceart na tíre go dtí go mbeidh sé sábháilte. Fágfaidh arm Iosrael an Liobáin agus tuigtear freisin go bhfuil Hezbollah toilteanach gan dul níos gaire do theorainn Iosrael ná abhainn na Litani. D'fháiltigh an Tánaiste Micheál Martin an sos comhraic a aontaíodh idir Iosrael agus Hezbollah agus dúirt sé gur cheart a mhacasamhail a dhéanamh anois i gcás stráice Gaza. Fuarthas taisí daonna i gContae Mhuineacháin mar chuid de chuardach ar chorp duine atá ar iarraidh ó na Trioblóidí sa Tuaisceart. Tógadh na taisí as uaigh i reilig idir Baile na Lorgan agus Cluain Tiobrad. Deir an coimisiún atá ag fiosrú daoine a d'imigh gan tásc ná tuairisc le linn na dTrioblóidí go bhfuair siad fianaise ar ghníomhaíochtaí amhrasacha sa reilig sna 1970idí. Tagann an dáta leis an am a chuaigh Joe Lynskey ar iarraidh. Bhí sé ina bhall den IRA agus níl aon tásc ar a shlí ó bhí 1972 ann. Tá Lynskey ar dhuine de 16 duine atá fós faoi fhiosrúchán faoi fhuadach agus adhlacadh rúnda le linn na dTrioblóidí. Is éard atá i gceist ná go bhfuil an tIRA freagrach as seo. Beidh sé roinnt laethanta sula mbeidh aon eolas breise ar fáil faoi na taisí faighte i gContae Mhuineacháin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gob ar ghob - neck and neck pobalbhreitheanna - polls faofa - approved taidhleoireacht - diplomacy taisí daonna - human remains fuadach - kidnapping…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá is fiche de mhí na Samhna. Is mise Sibéal Dempsey. Tá eagla ann go leathnófar an cogadh in oirthear na hEorpa tar éis do na Stáit Aontaithe agus don Ríocht Aontaithe cead a thabhairt don Úcráin diúracáin dá gcuid a theilgean ar an Rúis. Mar fhreagra, lainseáil na Rúisigh diúracán balaistíoch trialach nua – ar a dtugtar “Oreshnik” nó “an crann coill” - agus bualadh saoráid mhíleata sa chathair Dnipro Déardaoin. Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach féidir an diúracán balaistíoch nua seo a stopadh, ach tá na hÚcránaigh ag obair ar bhealaí nua chun iad féin a chosaint ó aerionsaithe. I mBaile Átha Cliath, fuair giúiré san Ard-Chúirt go ndearna Conor McGregor ionsaí gnéasach ar Nikita Hand sé bliana ó shin agus bronnadh damáistí ceathrú milliúin euro ar Hand. Le linn na trialach, chualathas gur tharla an t-ionsaí tar éis cóisir Nollag agus gur tháinig neamhord strus iarthrámach, nó PTSD, ar Hand, nach raibh in ann filleadh ar an obair agus nár mhothaigh sábháilte ina ceantar dúchais, Droimneach. Shéan McGregor na líomhaintí ar fad, agus thacaigh cara dá chuid leis, ach dúirt dochtúir a scrúdaigh an bhean an lá dár gcionn sa Rotunda go raibh sé ar cheann de na cásanna ba mheasa a bhí feicthe aige. Tuairiscíodh Dé hAoine go bhfuil an t-aisteoir mór le rá Cillian Murphy agus a bhean, an t-ealaíontóir Yvonne McGuinness, tar éis phictiúrlann a cheannach i nDaingean Uí Chúis. Osclaíodh The Phoenix sa bhaile Gaeltachta sa bhliain 1919 ach bhí ar na húinéirí roimhe seo é a dhúnadh trí bliana ó shin mar gheall ar éifeachtaí na paindéime, costais arda agus an líon beag custaiméirí. Dúirt Murphy go mbíodh sé féin, agus a athair roimhe, ag freastal ar an bpictiúrlann blianta fada ó shin agus iad ar saoire sa cheantar. Dúirt na húinéirí freisin go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh agus iad ag pleanáil chlár na pictiúrlainne. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS diúracán balaistíoch - ballistic missile crann coill - hazel tree saoráid mhíleata - military facility ionsaí gnéasach - sexual assault neamhord strus iarthrámach - post-traumatic stress disorder líomhaintí - allegations…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Tá COP29 ar siúl san Asarbaiseáin faoi láthair agus dúirt uachtarán na tíre óstaí leis an chomhdháil aeráide gur “bronntanas Dé” iad an ola agus an gás. Rinne an tUachtarán Ilham Aliyev cáineadh ar “bhréagnuacht an Iarthair” faoi astaíochtaí na tíre, agus mhaígh nár cheart an locht a chur ar náisiúin, as stoc breoslaí iontaise a bheith acu. Tá pleananna ag an tír táirgeadh gáis a mhéadú sna deich mbliana atá romhainn. Go gearr ina dhiaidh sin, dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres, nach raibh bun ná barr leis an ghreim daingean ar úsáid a bhaint as bhreoslaí iontaise. Tá sé aontaithe ag ceannairí domhanda roimhe seo, go ndéanfar iarracht gan téamh domhanda a ligeann os cionn 1.5 céim Celsius níos teo faoi dheireadh na chéid, ach sáraíodh an teorainn sin cheana féin i mbliana. Chuaigh bean ar iarraidh ó Thrá na gCeann i gContae na Gaillimhe Dé Máirt. Ba dhuine de bheirt í a chuaigh amach ag snámh san uisce. Cuireadh scairt ar na seirbhísí éígeandála, nuair nár fhill an cumadóir aitheanta Johnny Duhan ar ais óna shnámh féin, agus fuarthas a chorp roinnt uaireanta ina dhiaidh sin. Bhí meascán seirbhísí ag tabhairt faoi chuardach na mná, na Gardaí, an Garda Cósta, an Chosaint Shibhialta, agus an RNLI ina measc, i dteannta le buíonta cuardaigh agus tarrthála as áiteanna éagsúla in Éirinn. Maidin Dé Sathairn, bhí an cuardach ag dul ar aghaidh ar muir agus ar tír, ón Spidéal go hÓran Mór agus soir go Cinn Mhara. Tharla sochraid Duhan, a bhí ceithre bliana is seachtó d'aois, ar an Chnoc Breac i gContae na Gaillimhe inné. Tá muintir Mháire Ní Fhátharta ag bailiú airgid ar líne chun cuidiú leis an chuardach, agus iad ag súil go mbeidh siad ábalta í a thabhairt abhaile. Aimsíodh fige 2,000 bliain d’aois i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar na mallaibh agus dúradh gurb í an sampla is aosta de thorthaí andúchasacha a fuarthas in Éirinn. Thángthas uirthi i dtochailt seandálaíochta ag ceann tíre Dhroim Meánach, áit ina raibh stáisiún tradála tábhachtach de chuid na Romhánach lonnaithe, agus a aibhsíonn an seanstair trádála bia idirnáisiúnta in Éirinn agus an dúil sa bhia coimhthíoch. Tháinig na seandálaithe ar fhianaise ceardaíochta agus gníomhaíochtaí tí, earraí miotail agus criadóireacht as ceantair éagsúla in Impireacht na Róimhe: an Spáinn, An Ghaill, agus An Bhreatain. Mhair iarsmaí na fige agus bia eile a itheadh ann beagnach 2,000 bliain ó shin mar gur dódh iad agus dá réir sin leasaíodh iad. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS comhdháil aeráide - climate conference stoc breoslaí iontaise - fossil fuel stock cumadóir - composer buíonta cuardaigh agus tarrthála - search and rescue groups torthaí andúchasacha - exotic fruits tochailt seandálaíochta - archaeological dig…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naou lá de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhuaigh Donald Trump toghchán uachtaránachta Stáit Aontaithe Mheiriceá ar son an Pháirtí Phoblachtánaigh oíche Dé Máirt. Fuair sé an ceann is fearr ar Kamala Harris ón bPáirtí Daonlathach, atá ina Leas-Uachtarán reatha. Tá 270 vótá ó na coláistí toghcháin de dhíth chun tromlach a fháil agus leanann an comhaireamh ar feadh na laethanta, ach bhí sé soiléir go luath i ndiaidh an toghcháin go mbeadh an líon vótaí sin faighte ag Trump. Cé go bhfuil lucht na heite deise ag ceiliúradh, is toradh díomách atá ann do na milliúin daoine i Meiriceá agus thar lear, agus imní acu faoin éifeacht a bheidh ag an rialtas ar cearta na mban, daoine LADTA, daoine de dhath, agus ar an timpeallacht. Seo an dara téarma uachtaránachta ag Trump, tar éis a chéad téarma ó 2017-2021. Táinsíodh Trump dhá uair le linn a chéad téarma agus bhí ciontú coiriúil ina choinne i mbliana. Lánscoireadh Dáil Éireann Dé hAoine, agus olltoghchán socruithe don naoú lá is fiche de mhí na Samhna. Maidir le deireadh téarma an rialtais seo, caithfear an Dáil a lánscor roimh mhí Feabhra 2025 agus bhí ráflaí agus brú go leor ann le déanaí maidir le teacht luath an chinnidh. Tar éis leideanna ón Tánaiste Mícheal Martin agus ó Roderic O’Gorman ón gComhaontas Glas, ceannairí eile an Chomhrialtais, d’fhógair an Taoiseach Simon Harris ar Nuacht RTÉ tráthnóna Dé Céadaoin go mbeadh sé ag lorg lánscor na Dála ón Úachtarán Michael D. Higgins Dé hAoine. Dúirt sé go raibh siad ag fánacht leis an mBille Airgeadais a chur tríd ar dtús. Beidh brú ón bpobal maidir le ceist na Palaistíne agus tithíocht go háirithe sa toghchán seo. Is í an Mháirt bheag seo an lá deireanach is féidir clárú le haghaidh vótála. Tharla an chéad taispeáint Éireannach den scannán Gladiator II i mBaile Átha Cliath oíche Déardaoin, ag an bpictiúrlann The Lighthouse i Margadh na Feirme. Ba é Ridley Scott a stiúr an scannán, agus tá Paul Mescal sa phríomhpháirt, agus leanann an scéal eachtraí an scannáin ráthúil Gladiator ón mbliain 2000. Is ról mór i scannán domhanda é do Mescal, a bhfuil ag éirí leis ina ghairm le roinnt blianta anuas, ach i gcláracha agus scannáin neamhspleácha den chuid is mó. Tá sceitimíní agus bród ar an lucht féachana Éireannach chun scannán chomh mór a fheiceáíl agus príomhaisteoir Éireannach ann. Roimh an taispeáint bhí comórtas na leathcheann nó “lookalike” Paul Mescal i Margadh na Feirme. Spreagtha le heachtra i gCathair Nua Eabhrac an seachtain seo caite bunaithe ar Timothee Chalamet, dúirt an t-eagraí go raibh sé ag lorg píosa spraoi a chruthú agus an oiread sin drochnuachta le cloisteáil na laethanta seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS coláistí toghcháin - electoral colleges tromlach - majority an Dáil a lánscor - to dissolve the Dáil ráflaí - rumours taispeáint - showing eachtraí - events, adventures…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá de mhí na Samhna. Is mise Niall Ó Siadhail. Cailleadh níos mó ná dhá chéad duine sa Spáinn an tseachtain seo nuair a bhuail tuilte lár, oirthear agus deisceart na tíre, go háirithe sa réigiún València. Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Ní fios cé mhéad duine atá fós ar iarraidh ach is léir gurb iad seo na tuilt e is measa agus is marfaí sa Spáinn i stair na linne seo. Tá tarrthálaithe ag dianchuardach na gceantar a bualadh agus tá an rialtas náisiúnta i ndiaidh cúig mhíle saighdiúir a sheoladh isteach chun cuidiú leis na hiarrachtaí seo. Tá rabhadh aimsire oráiste fós i bhfeidhm in València agus sa Chatalóin. Scríobh Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUiginn litir chomhbhróin ar son mhuintir na hÉireann chuig Rí Felipe VI sa Spáinn. Tugadh bata agus bóthar do bhainisteoir Manchester United Erik ten Hag ag tús na seachtaine, i ndiaidh dhá bhliain go leith sa phost. D'éirigh réasúnta maith leis ar dtús, agus dhá chorn buaite aige, ach níor thóg sé United ar ais go barr na sraithe agus ba léir nach raibh úinéirí ná lucht leanúna an chlub sásta leis. Ba é ten Hag an cúigiú bainisteoir buan a bhí ag an chlub ó chuaigh Alex Ferguson ar scor sa bhliain 2013, ach is iad a gcomharsana Manchester City atá chun tosaigh na laethanta seo. Bhí laoch an chlub agus comhthíreach ten Hag Ruud van Nistelrooy i gceannas ar an fhoireann le haghaidh cluiche amháin, ina bhfuair siad an bua ar Leicester City le scór 5-2, ach tá bainisteoir buan nua tagtha isteach anois, Rubén Amorim as an Phortaingéil, a bhain rath amach mar bhainisteoir den chlub Sporting i Liospóin. Tá Oireachtas na Samhna ar siúl i gCill Airne an tseachtain seo, agus Gaeil ó gach cearn den domhan bailithe le chéile chun an teanga agus an cultúr a cheiliúradh. Seoladh an fhéile Dé Céadaoin le hóráidí ó Uachtarán an Oireachtais Pádraig Mag Fhearghusa agus Aire Stáit na Gaeltachta, Spóirt & Corpoideachais, Thomas Byrne TD. Bronnadh duaiseanna Chomórtas Liteartha an Oireachtais agus Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an lá céanna. I measc imeachtaí eile, bhí seoltaí leabhair, díospóireachtaí, comórtais amhránaíochta agus damhsa, agus seoladh nuachtán clóite nua, An Páipéar, atá ar fáil ar bhonn seachtainiúil ó thús na míosa seo. Beidh Oireachtas na Samhna ag dul ó thuaidh go Béal Feirste an bhliain seo chugainn, den chéad uair ó bhí 1997 ann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS tarrthálaithe - rescuers rabhadh aimsire oráiste - orange weather warning litir chomhbhróin - letter of condolence comhthíreach - fellow countryman nuachtán clóite - print newspaper ar bhonn seachtainiúil - on a weekly basis…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an séú lá is fiche de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Dúirt MLA de chuid Pháirtí na Comhghuaillíochta, Kellie Armstrong, gur léir gur éadóchas ar son Fheidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann a bhí ann nuair a cuireadh daoine i gcochall taobh amuigh de Bhéal Feirste. Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht Tithíochta Thuaisceart Éireann go n-úsáidfear ceithre chochall ag saoráid óstáin in aice le Béal Feirste “ó am go chéile agus mar rogha dheireanach”. Dúirt ionadaí na Feidhmeannachta Tithíochta go bhfuil na cochaill "te agus compordach." Dúirt MLA Alliance Kellie Armstrong le BBC News NI nach bhfuil siad oiriúnach nó inghlactha. "Tá an geimhreadh ag bualadh linn. An féidir leis an fheidhmeannas Tithíochta a bheith cinnte go mbeidh na cochaill seo in ann déileáil leis an aimsir athraitheach, go mbeidh siad in ann déileáil le stoirmeacha?" Dúirt urlabhraí ón Fheidhmeannacht Tithíochta nach n-úsáidtear na cochaill ach sa ghearrthéarma agus go bhfuil siad de dhíth mar gheall ar éileamh gan fasach ar thithíocht shóisialta. Mhéadaigh líon na ndaoine a cuireadh i lóistín sealadach ó 4,527 in 2020 go 16,943 in 2023, a dúirt an t-urlabhraí. Úsáidtear na cochaill seo chun lóistín a thabhairt do “dhaoine singile nó lánúineacha atá gan dídean”. Bhí freagraí á lorg i dTeach Laighean le linn na seachtaine faoin “leithcheal gníomhach” a deirtear atá á dhéanamh ar dhaltaí na sraithe sóisearaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Triúr Teachtaí Dála a cheistigh an tAire Oideachais, Norma Foley, an tseachtain seo faoin chóras marcála atá in úsáid do chúrsa Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí. Dúirt duine de na Teachtaí Dála sin, Darren O’Rourke ó Shinn Féin, go bhfuil “imní mhór” i measc lucht scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoin chur chuige marcála don chúrsa. Is é an cúrsa T1 don Teastas Sóisearach an cúrsa nua a tugadh isteach in 2017 do dhaltaí i scoileanna ina mbíonn an teagasc trí mheán na Gaeilge. Déanann daltaí scoileanna Béarla cúrsa T2, cúrsa nach bhfuil an dúshlán céanna ag baint leis. Ach tá cuid mhaith de mhúinteoirí agus de dhaltaí sna scoileanna míshásta leis an tslí a bhfuil an cúrsa T1 á marcáil. Ní fhaigheann ach líon beag daltaí na marcanna is airde sa scrúdú T1 i gcomparáid leis an líon mór daltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhíodh ag fáil na marcanna is airde nuair a bhí aon scrúdú comónta amháin ann. Dúirt príomhoide Gaelcholáiste amháin le Tuairisc gurb amhlaidh gur “díspreagadh” do dhaltaí a bhfuil Gaeilge líofa acu atá sa chúrsa T1, atá “níos deacra” ná cúrsa Gaeilge na hArdteiste. Bhí sé i gceist cúrsa T1 agus T2 a thabhairt isteach don Ardteist ach cuireadh stop leis an phróiseas sin dhá bhliain ó shin. Tá teipthe ar an iaraltra agus dúnmharfóir ciontaithe Lucy Letby chun achomharc a dhéanamh in aghaidh a ciontaithe as iarracht cailín óg a dhúnmharú. D'áitigh dlíodóirí Letby i gCúirt Achomhairc na Breataine gur cheart an cúiseamh iarrachta dúnmharaithe a chur ar sos toisc go ndeachaigh tuairisciú na meán cumarsáide ar a céad triail i bhfeidhm go héagórach ar a cás. Mhaígh siad gur bhain an aird seo ó na meáin chumarsáide le dochar tromchúiseach agus buan, rud a d’fhág go raibh an atriail éagórach. Ach dhíbh triúr breithiúna sinsearacha achomharc Letby i ndiaidh na héisteachta i Londain. Gearradh 14 ordú saoil iomlán ar Letby roimhe seo as dúnmharuithe seachtar leanaí agus as iarracht ar dhúnmharuithe seisear eile, le dhá iarracht ar leanbh amháin, agus gearradh téarma cúig bliana déag uirthi as an ionsaí ar Leanbh K. Seo é an dara hiarracht achomhairc ó Letby a caitheamh amach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cochall - pod saoráid óstáin - hotel facility leithcheal - discrimination an Teastas Sóisearach - the Junior Cert dúnmarfóir - murderer achomharc - appeal…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. Tá sé ráite ag an Leifteanantchoirnéal Tom Fox, atá i gceannas ar choimeádaithe síochána na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, go bhfuil na trúpaí slán sábháilte, in ainneoin coinníollacha an-dúshlánach agus teannas ag ardú sa Mheánoirthear. Tá níos mó ná 300 saighdiúir Éireannach lonnaithe in Camp Shamrock sa Liobáin Theas agus gar don teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Cé gur gortaíodh cúigear coimeádaithe síochána ó na Náisiúin Aontaithe le cúpla lá anuas, níl aon phlean ann faoi láthair chun na trúpaí a tharraingt siar. Tá rabhadh tugtha ag Príomhaire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil coimeádaithe síochána i mbaol mura mbogann siad ó dheisceart na Liobáine, comhartha go leanfar leis na hionsaithe in ainneoin agóidí an phobail idirnáisiúnta. Ar ais in Éirinn, agus ráflaí ag dul thart go mbeidh olltoghchán ar siúl go luath, tá Sinn Féin ag déileáil le roinnt géarchéimeanna atá ag bagairt dochar a dhéanamh dá bhfeachtas. Tá sé tagtha chun solais gur thug beirt bhall den pháirtí teistiméireacht d’iaroifigeach preasa an pháirtí ainneoin gur admhaigh sé coireanna mí-úsáide gnéis. Chomh maith leis sin, tá beirt Teachtaí Dála tar éis éirí as, ar chúiseanna ar leith. I gcás amháin, rinne an Teachta Dála gearán faoin gcaoi ar láimhseáil an páirtí líomhain maidir le hiompar neamhoiriúnach. Tagann na scéalta seo ar shála na nuachta go ndearna oifigigh an pháirtí iarracht smacht a choinneáill ar na ceisteanna a fuair an ceannaire Mary-Lou McDonald ag Ard Fheis an pháirtí. Cúrsaí sacair anois, agus tar éis an triú babhta de chluichí Shraith na Náisiún, tá foireann na hÉireann sa tríú háit agus trí phointe acu, chun tosaigh ar an bhFionlainn, a chaill gach cluiche, ach taobh thiar den Ghréig, atá i gceannas ar ár ngrúpa le dhá phointe dhéag, agus Sasana sa dara háit le naoi bpointe. Sa chéad chluiche, bhí bua inspioráideach ag Éirinn in aghaidh na Fionlainne, a bhuí le cúil ón gcosantóir Liam Scales agus ón imreoir lár páirce Robbie Brady tar éis botún tubaisteach ón gcaptaen Nathan Collins a thug tús foirfe do na Fionlannaigh. Sa dara cluiche, áfach, thug na Gréagaigh triail i bhfad níos deacra i láthair, agus léirigh bua compordach don fhoireann baile san Aithin méid an dúshláin atógála atá roimh bhainisteoir nua na hÉireann Heimir Hallgrímsson. Idir an dá linn, téann na Gréagaigh ó neart go neart. Sa bhabhta seo, bhuaigh siad in aghaidh ní amháin na hÉireann, ach Sasana in Wembley freisin, den chéad uair riamh, éacht thar a bheith suntasach tar éis bhás tragóideach a n-imreora George Baldock an tseachtain seo caite. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS leifteanantchoirnéal - lieutenant-colonel coimeádaithe síochána - peacekeepers ráflaí - rumours iompar neamhoiriúnach - inappropriate behaviour cosantóir - defender méid an dúshláin atógála - the extent of the rebuilding challenge…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an dara lá déag de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.Bhailigh na mílte daoine le chéile chun comóradh a dhéanamh ar lá cuimhneacháin ar an 7ú lá de Mhí Dheireadh Fómhair, an lá a dhein Hamas ionsaí ar dhaoine in Iosrael a bhí ag freastal ar cheolchoirm Nova a bhí ar siúl i bhfásach Negev agus i gceantair eile. Maraíodh míle dhá chéad duine agus fuadaíodh os cionn dhá chéad agus a caoga duine agus tógadh iad isteach go Gaza. Bhí bigil faoi sholas coinnle, searmanas cuimhneacháin agus máirseáil ar siúl in Tel Aviv, Londain, Páras agus Beirlín agus áiteanna eile timpeall na cruinne. Idir an dá linn tá sé ina chogadh dearg i gcónaí. Tá bliain ann ó thosnaigh Iosrael an cogadh i gcoinne an ghrúpa mhíleata Hamas in Gaza. Tá ós cionn daichead míle Palaistíneach caillte ó thosnaigh an cogadh ag cur tús le tubaiste dhaonnúil le 2.2 milliún duine ruaigthe as an Stráice. Fuair seisear déag bás nuair a bhuail hairicín Milton, ar hairicín catagóir a trí é, isteach ar chósta Florida sna Stáit Aontaithe. Thosnaigh sé in Siesta Key agus bhog sé trasna na leithinse, ag cruthú daichead a cúig tornádó, gaoth láidir agus tuillte. Bhí os cionn dhá mhilliún teach agus gnólacht gan cumhacht. Tháinig roinnt daoine abhaile le fáil go raibh a dteach scriosta ag an hairicín. Ceaptar go mbeidh ardú ar an méid daoine a fhaigheann bás mar tá siad fós a n-athshlánú ón dtubaiste. Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden ag teacht go Florida chun cuairt a thabhairt ar na ceantair a buaileadh go dona. D'éirigh leis an chéad satailít a tógadh in Éirinn riamh dhá gháma-gha a aimsiú. Ba iad scoláirí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thóg an tsatailít EIRSAT-1 agus a dhein dearadh agus tástáil air. An chéad lá de mhí na Nollag a deineadh lainseáil air ó Vandenbeg Aerfhórsa in California agus tá sé ar fhithis ó shin. I rith an ama seo tá os cionn ceithre mhíle fithis déanta aige ar an domhan agus thaistil sé dhá chéad milliún ciliméadar. Tá trí thurgnamh air agus ceann acu is ea an brathadóir gáma-gha. Tarlaíonn siad seo nuair a fhaigheann réalt bás nó nuair a bhuaileann dhá réalt i gcoinne a chéile. Is radaíocht leictreamaighnéadach iad na gáma-ghathanna nach féidir dul isteach go hatmaisféar an domhain agus sin an fáth go gcaithfear turgnamh a dhéanamh leis an tsatailít. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS lá cuimhneacháin - anniversary tubaiste dhaonnúil - humanitarian disaster hairicín - hurricane leithinis - peninsula brathadóir gáma-gha - gamma ray detector radaíocht leictreamaighnéadach - electromagnetic radiation…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an cúigiú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Oisín Mac Conamhna. Tháinig forleathnú ar an gcogadh sa Mheánoirthear an tseachtain seo. D’ionsaigh arm Iosrael deisceart na Liobáine Dé Máirt, agus Dé Céadaoin, theilg an Iaráin thart ar dhá chéad diúracán balaistíoch ar Iosrael. D’éirigh leis an gCruinneachán Iarainn, an córas cosanta in aghaidh diúracán atá ag Iosrael, an chuid is mó díobh a scriosadh, agus níor maraíodh éinne ar an talamh in Iosrael faoi ionsaí an Iaráin. Maraíodh níos mó ná dhá mhíle daoine sa Liobáin, áfach, dar leis an rialtas; ina measc fiche a hocht oibrí leighis i lá amháin, dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Aistríodh fiche a ceathair Éireannach agus a gcleithiúnaithe amach as an Liobáin Dé hAoine. Tá comhaontú déanta ag an Ríocht Aontaithe le Poblacht Oileán Mhuirís an tseachtain seo, chun seilbh agus ceannas Oileánra Chagos a thabhairt dóibh. Chuir an Ríocht Aontaithe ruaig ar mhuintir na n-oileán sna seascaidí agus seachtóidí, thart ar dhá mhíle duine, agus beidh ceart filleadh acusan, agus a gcuid sliochtach, faoin gcomhaontú. Beidh an Ríocht Aontaithe, agus na Stát Aontaithe, fós i gceannas ar an mbunáit mhíleata straitéiseach ar Diego Garcia, an t-oileán is mó san oileánra, go ceann nócha naoi bliain eile. Dúirt urlabhraí de chuid Chagossian Voices, eagraíocht phobail na n- oileánach, nach raibh seans acu bheith páirteach san idirbheartaíocht, agus d’éiligh said ról sa phróiseas i ndréachtú an chonartha fhoirmiúil. Tá an réalta eireabaill, nó cóiméad, Tsuchinshan-ATLAS ag teacht, den chéad uair ó ré na Sean-Chlochaoise ar domhan, agus tá réalteolaithe ag súil le ceann de na réaltaí eireabaill is gile le blianta anuas. Tá sé le feiceáil go híseal sa spéir roimh bhreacadh an lae agus é seo á scríobh; acht rachaidh sé trí pheirihéalean – an pointe is cóngaraí don ghrian ina fhithis – ar an dara lá déag den mhí seo. Ina dhiaidh sin bogfaidh sé go dtí an spéir tráthnóna, agus tá na saineolaithe ag tuar go mbeidh sé le feiceáil go breá geal sa spéir, le heireaball fada, tar éis luí na gréine an tseachtain i ndiaidh an dara lá déag. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS diúracán balaistíoch - ballistic missile cleithiúnaithe - dependents oileánra - archipelago sliochtach - descendent réalta eireabaill - comet fithis - orbit…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an 28ú de mhí Mheán Fómhair. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá córas cúram sláinte na Liobáine i ngéarchéim dar le hAire Sláinte na Liobáine, Dr Firass Abiad. Dúirt an Dochtúir Abiad gur maraíodh níos mó ná 40 oibrí cúram sláinte in “ionsaithe spriocdhírithe” an tseachtain seo, agus go bhfuil otharcharranna “dírithe ag míleata Iosrael agus iad ag déanamh a gcuid oibre”. Deir Benjamin Netanyahu nach gcuirfidh Iosrael ‘stad’ le hionsaithe ar Hezbollah in ainneoin glaonna sos cogaidh ón bhFrainc agus ó chomhghuaillithe eile agus geallann sé leanúint leis an Liobáin a bhualadh. Tá níos mó ná 27,000 duine tar éis teitheadh ón Liobáin le trí lá anuas - agus tá níos mó ná 70,000 duine díláithrithe go hinmheánach tar éis tearmann a ghlacadh i 500 scáthlán a bunaíodh ar fud na tíre, dúirt Aire Gnóthaí Baile na Liobáine. Tá reachtaíocht sínithe ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys chun cosc a chur ar mhadraí Bulaí XL tar éis roinnt ionsaithe tromchúiseacha. Tagann an toirmeasc i bhfeidhm in dhá chéim, ag tosú Dé Máirt seo chugainn nuair a bheidh sé in aghaidh an dlí madra Bulaí XL a allmhairiú, a phórú, a dhíol nó a athlonnú. Ansin, ón 1ú Feabhra 2025, beidh sé mídhleathach úinéireacht na madraí gan deimhniú díolúine. D'áitigh lucht agóide i gcoinne na ndlíthe nua go bhfuil a leithéid de reachtaíocht idirdhealaitheach i gcoinne úinéirí siosmaideacha agus a gcuid madraí, agus nach dtugann an cosc aghaidh ar úinéireacht neamhfhreagrach peataí. D’admhaigh zú Síneach gur “madraí péinteáilte” a bhí sna pandaí ina chuid foilseán. Thuig cuairteoirí ag Zú Shanwei gur cuireadh dallamullóg orthu nuair a thosaigh na pandaí, mar a thugtar orthu, ag tafann. Tá pandaí dúchasach don tSín agus is siombal idirnáisiúnta den tír iad. Tar éis do chuairteoirí an cleas a phoibliú ar na meáin shóisialta, d'admhaigh na heagraithe go raibh dhá chow chow péinteáilte acu - pór madraí clúmhach ó thuaisceart na Síne ó dhúchas - le marcálacha panda dubh agus bán. Ó shin i leith, d'éiligh cuairteoirí a gcuid airgid ar ais mar gheall ar an bhfógraíocht bhréagach. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an aip ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ionsaithe spriocdhírithe - targeted attacks otharcharranna - ambulances toirmeasc - prohibition díolúine - exemption cleas - trick pór - breed…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Sibéal Dempsey. Tharla an dara hiarracht ar Donald Trump a fheallmharú tráthnóna Dé Domhnaigh ar a chúrsa gailf in West Palm Beach. Bhí an t-amhrastach ag fanacht i dtoir an chúrsa gailf sula bhfaca Gníomhairí na Seirbhíse Rúnda é. Tá an t-amhrastach cúisithe as coireanna gunna cónaidhme agus d'fhéadfadh go mbeadh cúiseamh breise i gceist. Tá sé ina thacadóir glórach don Úcráin, tar éis dó a bheith faoi agallamh ag an BBC roimhe seo ar an ábhar agus ag rá go poiblí go raibh sé ag iarraidh saighdiúirí Afganastánacha a earcú chun bogadh go dtí an Úcráin. Tá leabhar ar an ábhar foilsithe aige ar Amazon freisin. Labhair Trump go poiblí an lá tar éis na hiarrachta feallmharaithe, ag moladh na Seirbhíse Rúnda as sár-jab a dhéanamh agus ag cur an mhilleáin faoin dá iarracht feallmharaithe ar “reitric” ó na Daonlathaigh a thug “baol don daonlathas”, dar le Trump. Bhí dhá bhabhta pléascanna sa Liobáin an tseachtain seo a bhain úsáid as gléasanna leictreonacha. Phléasc na mílte glaoirí agus siúlscéalaithe de chuid Hezbollah, maraíodh tríocha dó duine agus gortaíodh na mílte. Ní dhearna Iosrael trácht go sonrach ar na hionsaithe ach thug sé faoi deara níos luaithe an tseachtain seo go raibh sé ag dul isteach i “gcéim nua sa chogadh”, mar a bhog a chuid trúpaí ó thuaidh go dtí an teorainn idir Iosrael agus an Liobáin. Níl sé soiléir cé chomh díreach agus a phléasc na gléasanna, le roinnt ag éileamh go raibh insíothlú déanta ag Iosrael ar an gcóras déantúsaíochta chun pléascáin a phlandáil laistigh de na gléasanna sular shroich siad Hezbollah. Gheall Hezbollah, as a chuid féin, freagra a thabhairt. Cháin grúpa príomhoidí atá ag obair i mBaile Átha Cliath tuarascáil ón OECD a choimisiúnaigh an Roinn Oideachais chun feidhmíocht na hÉireann maidir le dul i ngleic le míbhuntáiste i scoileanna a mheas. Fuarthas amach sa tuarascáil go bhfuil difríochtaí fós i dtorthaí idir scoileanna DEIS agus scoileanna eile agus daltaí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Rud amháin a cháin na príomhoidí, áfach, ná go raibh an tuarascáil ag brath go príomha ar fhéintuairisciú na Roinne Oideachais, go raibh na moltaí gan samhlaíocht agus doiléir, agus nár tugadh cuairt ach ar shé scoil le linn tréimhse seachtaine sa bhliain fiche trí. Tá an grúpa ag iarraidh leibhéal nua tacaíochtaí deis a chur i bhfeidhm ag an roinn chun freastal ar riachtanais a gcuid scoileanna. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS feallmharú - assassination amhrastach - suspect coireanna gunna cónaidhme - federal gun crimes glaoirí agus siúlscéalaithe - pagers and walkie-talkies príomhoidí - head teachers/principals míbhuntáiste - disadvantage…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin. Bhí an chéad díospóireacht uachtaránachta agus b'fhéidir an t-aon díospóireacht amháin idir an Leas-Uachtarán Daonlathach Kamala Harris agus an t-iarrthóir Poblachtánach Donald Trump ar siúl tráthnóna Dé Máirt. Bhí Trump faoi bhrú le hionsaithe géara ar ghinmhilleadh, a oiriúnacht don oifig, agus a thrioblóidí dlíthiúla. Chuir Harris i leith Trump nach raibh sé ionraic agus ag pointe amháin, d'éiligh sí go bhfágann daoine cruinnithe feachtais Trump go luath "mar gheall ar thuirse agus leadrán". D'fhreagair Trump le "Tá na sluaite is mó agus is iontaí sa stair againn." Ba léir go raibh Kamala Harris ag iarraidh cur as do Trump agus d’éirigh léi agus bhí an chuma air go raibh frustrachas agus fearg air. Oíche mhaith a bhí ann do Kamala Harris agus tá díospóireacht eile iarrtha aici roimh an toghchán. Chuir Apple deireadh lena chath dlíthiúil i gcoinne rialú an Choimisiúin Eorpaigh, a shainigh gur íoc an comhlacht €13 billiún níos lú i gcáin ná mar ba cheart in Éirinn. Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i bhfabhar an Choimisiúin, ag athrú an bhreithiúnais roimhe sin ón Chúirt Íochtair. Tar éis rialú bunaidh an Choimisiúin, bhí ar Apple €13.1bn i gcánacha neamhíoctha móide €1.2bn in ús a íoc isteach i gcuntas neamhspleách tríú páirtí. Dhiúltaigh Apple agus Éire do thorthaí an choimisiúin agus dúirt siad nach bhfuair an comhlacht cóir speisialta ó Stát na hÉireann. Caithfidh an rialtas cinneadh a dhéanamh anois ar an bhealach is fearr leis an airgead seo a úsáid. Tá lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann a ghlac páirt i gCluichí Parailimpeacha Pháras 2024 tagtha ar ais go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Ghlac 35 lúthchleasaí páirt i naoi spórt agus bhuaigh siad sé bhonn: bonn óir amháin, trí bhonn airgid, agus dhá bhonn cré-umha. Chuir baill den lucht leanúna fáilte mhór abhaile roimh fhoireann na lúthchleasaithe. Bhí gliondar agus barróg ar na hiomaitheoirí agus iad ag teacht go hAerfort Bhaile Átha Cliath tráthnóna Dé Luain. Dúirt an rothaí Katie George Dunlevy, a bhí ag caitheamh trí bhonn, go raibh sí “tuirseach ach ar bís” faoina héachtaí. Bhí Róisín Ní Riain, snámhaí, “an-sásta lena feidhmíocht” fosta. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS díospóireacht uachtaránachta - presidential debate ginmhilleadh - abortion cath dlíthiúil - legal battle cánacha neamhíoctha - unpaid taxes ús - interest (financial) feidhmíocht - performance…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tar éis seacht mbliana de fhiosrúcháin, foilsíodh tuarascáil Dé Céadaoin faoin dtine thubaisteach i dTúr Grenfell in iarthar Londan. Dúirt an tuarascáil go raibh an locht ar an rialtas agus ar an earnáil tógála mar gheall ar bhlianta fada d'fhaillí. Chomh maith leis sin, cháin an tuarascáil na comhlachtaí tógála a chuir cumhdach inlasta ar éadan Thúr Grenfell agus a mhaígh nach raibh dainséar ar bith ag baint leis. Fuair 72 duine bás sa Túr ar an 14 Meitheamh 2017 sa tine ba mheasa a tharla sa Ríocht Aontaithe ón nDara Cogadh Domhanda. Thosnaigh an tine mar gheall ar fhadhb leictreach i gcuisneoir ar an gceathrú urlár agus ansan scaip sí go tapa de bharr an chumhdaigh ar éadan an fhoirgnimh. Labhair Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, leis na daoine a tháinig slán as an dtubaiste agus le teaghlaigh na n-íospartach agus gheall sé go ndéanfadh an rialtas dianstaidéar ar an dtuarascáil agus ar na moltaí atá ann chun cinnte a dhéanamh nach dtarlódh tragóid eile dá léithéid aríst. Cé go raibh gliondar an domhain ar lucht leanúna Oasis an tseachtain seo caite nuair a d’fhógraíodar go mbeidh siad ag teacht le chéile aríst chun dul ar camchuairt, níor lean an lúchair sin do chuid maith dóibh siúd nuair a chuaigh na ticéid ar díol maidin Dé Sathairn. Bhí díol na dticéad á bhainistiú ag Ticketmaster agus ag an bpoiblitheoir ceolchoirmeacha MCD ach theip ar go leor daoine ticéid a fháil tar éis scuainí fada, fadhbanna teicniúla agus praghsanna arda nach raibh aon choinne acu leo. Mar shampla, dúradh roimh ré go mbeadh ticéid ar fháil ó €86 ach ó thús an díolacháin bhí sé deacair ticéad a fháil ar phraghas níos lú ná €400. Cháin an Tánaiste Mícheál Martin an straitéis phraghsála a bhí ag Ticketmaster agus tá seans ann go mbeidh fiosrúchán á dhéanamh ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí. Ach cibé rud go bhféadfadh teacht as an bhfiosrúchán san, is cosúil go mbeidh go leor daoine ag féachaint siar ar an ndeireadh seachtaine le fearg… Beidh Maratón Dhaingean Uí Chúis ar siúl in iarthar Leithinis Chorca Dhuibhne Dé Sathairn. Dé réir na n-eagraithe, níl maratón eile san oileán le radharcra níos áille ná an ceann so. Beidh maratón agus leathmharatón á rith ar an lá, agus tosnóidh an dá rás ag an Muiríne i nDaingean. Rachaidh na hiomaitheoirí siar i dtreo Cheann Trá agus ansin go Dún Chaoin. Críochnóidh an leathmharatón ansin ach ní hea an scéal céanna do na hiomaitheoirí sa mharatón – beidh orthusan leanúint ar aghaidh ó thuaidh trí Bhaile an Fheirtéaraigh agus iad ag rith in aghaidh na mala. Ach is fiú an cruatan mar beidh radharcra iontach rompu agus iad ag dul isteach go dtí an Daingean aríst. Beidh ball de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain ag glacadh páirt sa mharatón, Aodhán Ó Cathail. "Is mise Aodhán Ó Cathail agus táim ag foghlaim Gaeilge i Londain le dhá bhliain go leith anois. Ag an deireadh seachtaine, rithfidh mé mo chéad mharatón sa Daingean i gContae Chiarraí. Tá súil agam go mbeidh gach rud go maith, agus táim ag tnúth go mór leis. Le cúnamh Dé piocfaidh mé suas cúpla focal ar an mbealach." Go n-éirí an t-ádh le hAodhán ag an ndeireadh seachtaine. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS faillí - neglect, negligence cumhdach - cladding camchuairt - tour straitéis phraghsála - pricing strategy radharcra - scenery in aghaidh na mala - against the slope…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an t-aonú lá is tríocha de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Chuir Fórsaí Iosraelacha tús le hionsaithe sa Bhruach Thiar faoi fhorghabháil le linn na seachtaine, agus mar gheall orthu tá díghéarú á lorg ag na Náisiúin Aontaithe. Dúirt na Fórsaí Iosraelacha gur oibríocht fhrithsceimhlitheoireachta a bhí ann agus, Déardaoin, gur maraíodh dháréag i gcathracha Jenin agus Tulkarm, agus ceathrar in Far’a. D’éiligh Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe, Antonio Guterres, ar Iosrael stad a chur leis an oibríocht láithreach bonn, agus go raibh Iosrael ag fadú an achrainn i gcás pléascach. D’áitigh sé ar na fórsaí Iosraelacha ard-ghuaim a choinneáil orthu féin agus gan úsáid a bhaint as fórsa marfach gan riachtanais. In Éirinn Dé Céadaoin, fuair beagnach 57,000 iarrthóir tairiscint choláiste ón LárOifig Iontrála. Ag Léibéal 8 sa Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, tháinig méadú pointí ar níos mó ná 40% de na cúrsaí, ach ardú beag atá i gceist – níos lú ná 5% i mórchuid de na cúrsaí. Fuair 56% de na hiarrthóirí a fuair iarratas áit ar an chúrsa arbh fhearr leo, agus fuair ceathrar as cúigear iarratas ó cheann de na trí chúrsa arbh fhearr leo. Ní bheidh ach seal ag iarrthóir chun glacadh le hiarratas agus an spriocdháta ag druidim leo Dé Máirt, an tríú lá de mhí Mheán Fómhair. Cuireadh tús leis na Cluichí Parailimpeacha oíche Dé Céadaoin agus 4,400 lúthchleasaí ar shlí an Champs-Elysees go Place de la Concorde i bPáras. Dúirt eagraithe go mbeadh thart fá 65,000 duine i lucht féachana an tsearmanais. Taispeántas cumhachtach a bhí ann. Thosaigh na cluichí iad féin Déardaoin. Is é an chéad uair ar tharla Cluichí Parailimpeacha an tsamhraidh sa Fhrainc. Tá 549 bonn le bronnadh i 22 imeacht parailimpeach, le linn 11 lá. Tríocha cúig lúthchleasaí atá ar scuad na hÉireann, i measc toscaireacht de 184 duine, agus bonn airgid amháin bronnta ar fhoireann na hÉireann go dtí seo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS an Bruach Thiar faoi fhorghabháil - the occupied West Bank oibríocht frithsceimhlitheoireachta - anti-terrorism operation LárOifig Iontrála - Central Applications Office an Creat Náisiúnta Cáilíochtaí - National Framework of Qualifications scuad - squad toscaireacht - delegation…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an ceathrú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Niall Ó Siadhail. Tá ionchúisitheoirí san Iodáil ag smaointiú ar chúisimh dúnorgana maidir le bás seachtair nuair a chuaigh an t-oll-luamh Bayesian go tóin poill amach ó chósta na Sicile Dé Luain. I measc na marbh tá Mike Lynch, Sasanach de bhunús Éireannach a bhunaigh an comhlacht idirnáisiúnta teicneolaíochta Autonomy. Bhí Lynch ag ceiliúradh go bhfuarthas neamhchiontach é i gcúisimh calaoise sna Stáit Aontaithe. Tháinig a bhean chéile slán ón tubaiste ach cailleadh iníon dá gcuid. Comhtharlú tragóideach ab ea é nuair a maraíodh a chomhchosantóir sa chás calaoise, Stephen Chamberlain, i dtimpiste bóthair, roinnt uaireanta i ndiaidh don long dul go tóin poill. Tá sé ráite ag póilíní i Sasana nach raibh cúinsí amhrasacha bainte le bás Chamberlain. Bhí comhdháil náisiúnta an Pháirtí Dhaonlathaigh ar siúl i Siceágó an tseachtain seo, agus ghlac Kamala Harris leis an ainmniúchán le dul san iomaíocht i gcoinne Donald Trump i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá ag deireadh na bliana. Cháin sí Trump in óráid Déardaoin inar leag sí amach a fís don uachtaránacht. Tharla seo i ndiaidh seachtain d’óráidí móra tugtha ag leithéidí Joe Biden, Barack Obama, Michelle Obama, Hillary Clinton agus Tim Walz, gobharnóir Minnesota, a bheidh ag seasamh le Harris sa toghchán. Tá ag éirí níos fearr leis an Pháirtí Daonlathach sna pobalbhreitheanna ó shocraigh Biden ar éirí as an bealach a fhágáil do Harris. Tá tús curtha le trialacha an chéad vacsaín riamh in aghaidh ailse scamhóg. Deirtear go dtiocfadh leat an vacsaín nua a bheith “ceannródaíoch” sa troid i gcoinne an ghalair, an chúis bháis is mó i measc na gcineálacha ailse. Tá an triail ar siúl sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Spáinn agus sa Tuirc agus táthar ag súil go mbeidh freagairt imdhíonachta níos fearr ag othair gan dochar ar bith a dhéanamh, rud a tharlaíonn le leithéidí ceimiteiripe. Ba é Janusz Racz as Londain an chéad duine chun an vacsaín a fháil, agus é ag rá go bhfuil sé ag súil le Maratón Londan a rith nuair a bheidh biseach air. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cúisimh dúnorgana - manslaughter charges oll-luamh - superyacht calaois - fraud cúinsí amhrasacha - suspicious circumstances ailse scamhóg - lung cancer freagairt imdhíonachta - immunity response…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh. Bhí na Cluichí Oilimpeacha ba ráthúla riamh ag foireann na hÉireann i bPáras i mbliana, 100 bliain ón chéad uair a ghlac siad páirt sa chomórtas, agus sa chathair chéanna. D’fhill an fhoireann abhaile Dé Luain, chuig fáiltiú leis na mílte daoine ar Sráid Uí Chonaill. Bronnadh seacht mbonn san iomlán ar fhoireann na hÉireann i mbliana, ceithre bhonn óir agu trí bhonn cré-umha. Bhuaigh Daniel Wiffen dhá bhonn sa snámh saorstíle agus bhris sé curiarracht Oilimpeach sa mhír 800m. Bhuaigh Kellie Harrington a dara bonn óir sa dornálaíocht. Bhí ceiliúradh ollmhór ar son Rhasidat Adeleke freisin, nach bhuaigh bonn ach a fuair an ceathrú háit sa rás 400m, agus ise an chéad bean riamh chun áit a fháil i mbabhta ceannais ráibe Oilimpigh ar son na hÉireann. D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte éigeandáil sláinte phoiblí idirnáisiúnta maidir le mpox clade 1, ar a dtugadh monkey pox roimhe seo. Tharla ráig den ghalar i roinnt ceantar timpeall ilchríoch na hAfraice, an ceann is mó díobh i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, inar bhásaigh 450 daoine ar a laghad. Tá an t-athraitheach seo difriúil ó mpox clade 2, a chonacthas in 2022, tá imní ann maidir le scaipeadh níos tapúla agus torthaí níos measa. Rinneadh taifead den chéad chás den ghalar lasmuigh den Afraic sa tSualainn le linn na seachtaine. Dúirt príomhoifigeach an EDS go bhfuil “freagairt chomhordaithe idirnáisiúnta” riachtanach chun stop a chur leis an ngalar. Bhí an oscailt ba mhó riamh ag scannán Gaeilge ag “Kneecap” an deireadh seachtaine seo caite. Stiúrtha le Rich Peppiatt, is scéal leath-ficsin é faoi rath an bhanna ceoil Kneecap, leis an triúr sa bhanna ag déanamh rólanna a gcarachtar féín. D’oscail an scannán ag uimhir a trí i liosta Dhíoloifig na hÉirean, ag tuilleadh timpeall €292,000 trasna an oileáin lastuigh den deireadh seachtaine. Roghnaíodh an scannán le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann sa chatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta ag na Oscars an bhliain seo chughainn. Tagann an t-ainmniúchán seo i dteannta réimse moltaí eile ón gcéad taispeáínt den scannán ag Féile Scannán Sundance i mí Eanair, ag ar bhuaigh siad duais an lucht féachana. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS curiarracht Oilimpeach - Olympic record an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisation ráig - outbreak athraitheach - variant scéal leath-ficsin - semifictional story ainmniúchán - nomination…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an deichiú lá de mhí Lúnasa. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Deir úinéir ollmhargadh den Mheánoirthear ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste nach bhfuil an dara rogha aige ach an siopa a dhúnadh de dheasca an achrainn oíche Dé Máirt sa chathair. Tá Moustafa Wartty ina chónaí i Sasana ó bhí 2002 ann ach tá gnólachtaí aige i mBéal Feirste. Ionsaíodh a ollmhargadh ar Bhóthar na bhFál i ndiaidh do ghrúpa mór daoine óga toiseacht ag caitheamh uibheacha. Fágadh mionghortuithe aghaidhe ar dhéagóir a bhí bainte leis an ionsaí, a bhfuil na póilíní ag caitheamh leis mar eachtra fuatha. Dúirt an tUasal Wartty go ndearnadh ionsaí ar an tsiopa fosta, a dhúnfar ag an deireadh seachtaine, i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana seo. “Ba mhaith linn an fhoireann, ár gcustaiméirí agus muid féin a shábháil ón bhaol agus ní mór dúinn an siopa a dhúnadh mar gheall ar an ionsaí,” a dúirt sé leis an Nolan Show ar BBC Raidió Uladh. "Ní hé seo an chéad uair a tharla eachtra mar seo, ná an dara huair," a dúirt sé. Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn an tseachtain seo nuair a bhuaigh Katie Harrington an bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile. Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta ceannais rannóg 60kg na mban Dé Máirt ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros. Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an chéad lúthchleasaí mná as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin. Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag damhsa san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi in Roland Garros. Craoladh an troid beo ar scáileán mór i bPáirc an Diamaint, agus slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís. Tá triúr fear curtha i bpríosúin, i ndiaidh dóibh admháil go raibh siad páirteach i gcíréibeacha in Southport agus i Learpholl sna laethanta i ndiaidh márú triúr cailíní. Chuaigh corraíl fhorleathan i bhfeidhm ar bhailte agus ar chathracha Shasana ó maraíodh Bebe King, Elsie Dot Stancombe agus Alice da Silva Aguiar ar an 29 Iúil. Gearradh téarma trí bliana ar Derek Drummond, 58, as dorn a bhualadh ar phóilín le linn foréigin in Southport. Gearradh dhá bhliain agus cúig mhí i bpríosún ar Declan Geiran, 29, mar gheall ar achrann foréigneach agus feithicil póilíneachta a chur trí thine, agus gearradh bliain go leith i bpríosún ar Liam James Riley, 40 bliain d’aois, as achrann foréigneach agus iompar maslach ciníoch. Tharla an chorraíl, a chonacthas i mbailte agus i gcathracha ar fud Sasana, i ndiaidh faisnéis mhícheart a scaipeadh ar líne a thug le tuiscint gur iarrthóir tearmainn a bhí faoi amhras maidir le hionsaí scian Southport. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mionghortuithe aghaidhe - minor face injuries eachtra fuatha - hate incident bua stairiúil - historic victory imithe le báiní - going crazy achrann foréigneach - violent disorder iompar maslach ciníoch - offensive racist behaviour…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá de mhí Lúnasa. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Tá na Cluichí Oilimpeacha ar siúl faoi láthair i bPárás na Fraince. Bhuaigh an snámhaí as Contae Shligigh Mona McSharry an chéad bhonn ag snámh sna cluichí le tríocha bliain. Bhain sí bonn cré-umha amach sa snámh brollaigh 100 méadar. Bhain an snámhaí ó Ard Mhacha Daniel Wiffen curiarracht le bonn óir a bhuachtaint. Sa snámh ocht céad méadair saorstíle, ba é an chéad fhear Éireannach a bhuaigh bonn ag snámh sa chomórtas. Bhuaigh sé an rás san am is tapúla le seacht noiméad, tríocha a hocht soicind punc a naoi déag. Níl Wiffen críochnaithe fós mar tá rás míle cúig chéad saorstíle aige agus rás deich ciliméadar le bheith ar siúl sa tSéin. Tá ag éirí go maith linn sa rámhaíocht chomh maith, bhuaigh Philip Doyle ó Chontae an Dúin agus Daire Lynch ó Thiobraid Árann bonn cré-umha sa chomórtas céaslaire beirte. Ansin bhí bua iontach ag Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ó Sciobairín i gContae Chorcaí ag an gcluiche ceannais 2000 méadar, comórtas céaslaire beirte éadrom. Bhíodar imithe chun cinn tar éis na líne leathbhealaigh agus dheineadar a mbeart an bonn óir a bhaint amach. Tá ceann de na báid is sine ar domhan, an Belem, ag seoladh timpeall na hÉireann. Is bád traenála é inniu ach is bád ana-stairiúil é atá 120 bliain d’aois. Tógadh an bád sa bhliain 1896 agus bád lastais ab ea é ag iompar siúcra ó na hIndiacha Thiar agus ag easpórtáil cócó agus caife ón mBrasaíl agus ón nGuáin na Fraince go Nantes sa Fhrainc. Sa bhliain 1902 tháinig an bád slán ó bholcán ag brúchtadh in Martinique agus ó chrith talún sa bhliain 1923 in Yokohama sa tSeapáin. Inniu is bád traenála é do mhairnéalaigh. Thug an bád an lasair Oilimpeach ar an gcéad turas ón nGréig go Marseille. Tá an bád ag iompar criú de 16 agus 48 duine faoi oiliúint. D'fhógair Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann go bhfuil an scannán Gaeilge Kneecap curtha ar aghaidh don rannóg idirnáisiúnta do Dhuais an Acadaimh sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2025. Léirítear sa scannán na rapálaithe Móglai Bap agus Mo Chara agus an dioscmharcach DJ Próvaí ó Bhéal Feirste atá ag iarraidh a seánra féin de rap gaeilge a chruthú agus iad ag iarraidh a theanga dhúchais a shábháil. Is é Rich Peppiatt stiúrthóir an scannáin, agus bhí Jack Tarling agus Trevor Birney ina léiritheoirí air. Tá aisteoirí mór le rá páirteach sa scannán ar nós Michael Fassbender agus Simone Kirby. Dúirt Mo Chara gur mór an onóir é dóibh gur roghnaigh IFTA Kneecap chun cur isteach ar Oscar, agus go bhfuil an banna fíorbhuíoch as. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS bonn - medal snámh brollaigh - breast-stroke snámh saorstíle - freestyle céaslaire - scull bád lastais - cargo boat dioscmharcach - DJ…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an seachtú lá fichead de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh. D'fhógair Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden nach mbeidh sé ag seasamh i gcoinne Donald Trump i dToghchán Uachtaránachta Mheiriceá i mí na Samhna. Tháinig an fógra tar éis seachtainí tuairimíochta faoina shláinte agus éileamh méadaitheach air óna pháirtí féin éirí as. Tá a bheannacht tugtha aige anois don Leas-Uachtarán Kamala Harris chun dul san iomaíocht don Teach Bán. Is é Joe Biden an chéad uachtarán Meiriceánach a d’éirigh as a fheachtas don dara téarma ó rinne Lyndon B. Johnson an cinneadh céanna in 1968. Tá Donald Trump fágtha anois mar an t-iarrthóir is sine riamh i dtoghchán uachtaránachta Mheiriceá. Tá na mionpháirteanna de ghléasanna pléascacha aimsithe ag na Gardaí sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Seo an fhorbairt is déanaí ó gabhadh níos mó ná tríocha duine an tseachtain seo caite, tar éis achrann a tharla cóngarach do lóistín a bhí le réiteach d’iarrthóirí tearmainn. Cuireadh JCB trí thine agus gortaíodh fear slándála le linn an achrainn. Dúirt an Taoiseach Simon Harris nach raibh cead ag éinne damáiste mar seo a dhéanamh ná ionsaí a dhéanamh ar na póilíní ná ar na seirbhísí éigeandála. Tá an rialtas ag iarraidh seanmhonarcha phéinte a chur in oiriúint le go mbeidh 500 iarrthóir tearmainn ábalta stopadh ann. Tá a gcúigiú craobh uile-Éireann tuillte ag iománaithe an Chláir tar éis dóibh an cluiche ceannais a bhuachan in aghaidh Chorcaí. Cluiche lán aicsin, spleodair agus scile a bhí ann, agus ba cheart go mbeadh an dá chontae bródúil as a gcuid imreoirí. Ní raibh mórán idir an dá fhoireann ar feadh an chuid is mó den chluiche, ach fuair an Clár an lámh in uachtar ar deireadh, a bhuíochas le taispeántas draíochtúil óna gcaptaen Tony Kelly. Cé go raibh na foirne ar comhscór tar éis 70 nóiméad, scóráil an Ceallach trí phointe in am breise chun an bua a chinntiú. Beidh súile ar Pháirc an Chrócaigh arís an deireadh seachtaine seo agus cluiche ceannais na peile ar siúl. Beidh seaimpíní Chonnacht Gaillimh ag imirt in aghaidh Ard Mhacha den dara huair i mbliana - agus níor bhuaigh ceachtar foireann Corn Mhig Uidhir ó thús na Mílaoise. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS seachtainí tuairimíochta - weeks of speculation éileamh méadaitheach - growing demand gléasanna pléascacha - explosive devices iarrthóirí tearmainn - asylum seekers seanmhonarcha phéinte - former paint factory taispeántas draíochtúil - magical performance…
N
Nuacht Mhall

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an fichiú lá de mhí Iúil. Is mise Oisín Mac Conamhna. Theip ar uasdátú bogearraí frith-víris de chuid an chomhlachta Crowdstrike Dé hAoine, rud a chuir isteach go hollmhór ar sheirbhísí sláinte, taistil, airgeadais, agus miondíola ar fud an domhain. Ní raibh le feiceáil ar ríomhairí ar a bhfuil bogearraí Crowdstrike acht “scáileán gorm an bháis” ar maidin. Bhí ar dhochtúirí agus altraí ar fud an domhain leanúint ar aghaidh gan taca ríomhaireachta, agus bhí an uimhir éigeandála 911 díchumasaithe i gcuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Cuireadh na mílte eitiltí ar ceal, bhí ar shiopaí glacadh le hairgead tirim amháin, agus cuireadh isteach go mór ar oibríocht margaidh idirnáisiúnta. Agus é seo á scríobh, níl sé soiléir cé chomh fada agus a leanfaidh an briseadh seirbhísí. Dúirt an príomhoifigeach feidhmiúcháin le Crowdstrike, George Kurtz, go raibh an-bhrón ar an gcomhlacht faoin tubaiste. Ar an Aoine freisin, rinne an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta breithiúnas comhairleach go bhfuil forghabháil Iosrael ar chríocha Palaistíneacha neamhdhleathach. D’ordaigh an chúirt go gcuirfí deireadh leis an fhorghabháil chomh tapaidh agus is féidir, agus go ndéanfaí lán-chúiteamh as. Dúirt an Chúirt go bhfuil prionsabail bhunúsacha den dlí idirnáisiúnta sáraithe ag Iosrael sna críocha forgafa, agus leithcheal córasach déanta ag Iosrael ar na Palaistínigh ann. Rinne caoga tíortha idirghabháil sa chás, Éire ina measc, ar son na Palaistíne. Dúirt urlabhraí le Benjamin Netanyahu, príomhaire Iosrael, nach raibh ann acht “breithiúnas bréag”. Mhol Hussein Al Sheikh, ard-rúnaí Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne, an breithiúnas mar “bhua stairiúil ar son chearta mhuintir na Palaistíne”. Beidh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann á imirt amárach, idir an Clár agus Corcaigh, in athdhéanamh ar an dá chluiche chlasaiceacha in 2013. Tar éis stop a chur le Luimneach sa chluiche leath-cheannais, beidh Corcaigh ag lorg a gcéad chraobh is tríocha; agus beidh an Clár ag iarraidh a gcúigiú craobh a bhaint amach. Beidh Páirc an Chrócaigh lán go raftaí, agus Éireannaigh ar fud an domhain ag féachaint air, agus den chéad uair, beidh an cluiche á chraoladh beo ag an BBC. Go n-éirí an t-ádh leis an dá fhoireann. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS bogearraí frith-víris - anti-virus software scáileán gorm an bháis - the blue screen of death forghabháil - occupation leithcheal córasach - systematic discrimination breithiúnas bréag - decision of lies lán go raftaí - full to the rafters…
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an tríú lá déag de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh. Tá bean a cúisíodh as cionta coiriúla in Dubai tar éis a líomhna gur íospartach foréigin baile í fillte ar ais go hÉirinn. Scrios na húdaráis pas Tori Towey, atá 28 bliain d'aois, tar éis di a bheith cúisithe as alcól a ól agus iarracht a dhéanamh lámh a chur ina bás féin. Spreag a cás idirghabháil ón Taoiseach Simon Harris níos luaithe an tseachtain seo tar éis é a ardú sa Dáil. Tharraing póilíní san UAE siar na cúisimh i gcoinne Towey Dé Céadaoin agus baineadh an toirmeasc taistil. Dúirt Towey go raibh sí “chomh buíoch as a bheith ar ais” agus labhair sí faoina heagla nach mbeadh sí in ann filleadh ar Éirinn. Fuair Páirtí an Lucht Oibre sa Ríocht Aontaithe ollbhua san olltoghchán an Déardaoin seo caite. Tháinig titim mhór ar an bPáirtí Coimeádach tar éis 14 bliana corraitheacha i gcumhacht, nuair a bhí cúigear Príomh-airí éagsúla i gceannas ar an tír. Chaill na Tories 250 suíochán. I dTuaisceart Éireann tá Sinn Féin tagtha chun cinn mar an páirtí is mó tar éis don DUP trí shuíochán a chailleadh. Tuairiscíodh nár chaith ach 52% de dhaoine fásta na Ríochta Aontaithe a mballóidí ar an 4ú Iúil, an líon is ísle ó leathnaíodh an vóta chuig gach duine fásta os cionn 21 in 1928. Tá peileadóirí Shasana ag ullmhú le himirt in aghaidh na Spáinne i gcluiche ceannais Chorn na hEorpa i mBeirlín Dé Domhnaigh. Chinntigh cúl déanach ó ionadaí Shasana Ollie Watkins in aghaidh na hÍsiltíre sa chluiche leathcheannais Déardaoin go mbeadh áit ag foireann Shasana i gcluiche ceannais an chomórtais. Is é seo an dara cluiche ceannais Chraobhchomórtas na hEorpa as a chéile acu, agus an chéad uair ag Sasana cluiche ceannais de chraobhchomórtais a imirt thar lear. Bhain foireann na Spáinne áit amach sa chluiche ceannais le cúl ó Lamine Yamal, an duine is óige riamh a scóráil ag Corn na hEorpa, agus é sé bliana déag d'aois. * GLUAIS cionta coiriúla - criminal offences toirmeasc taistil - travel ban ollbhua - landslide victory ballóidí - ballots ionadaí - substitute craobhchomórtas - championship…
Tervetuloa Player FM:n!
Player FM skannaa verkkoa löytääkseen korkealaatuisia podcasteja, joista voit nauttia juuri nyt. Se on paras podcast-sovellus ja toimii Androidilla, iPhonela, ja verkossa. Rekisteröidy sykronoidaksesi tilaukset laitteiden välillä.